Ar a Ghabháil Chun an Chuain Dom

Amhránaí

Ar a Ghabháil Chun an Chuain Dom

Ar a ghabháil chun an chuain domh
Is mé bhí go huaibhreach
Tinn lag buartha i m’intinn
Bhí mé féachaint uaim ar an spéir aduaidh
Is í ag éalú uaim ina trealltaí
Ach faraor géar géar is mé i gceann gan chéill
Níor ghlac mé comhairle mo mháithrín fhéin
Is gur dhúirt sí liom fríd chomhrá ghrinn
Go Béal Átha hAmhnais ná triall ann.

A Mháire a ghrá is tú rinne mé chrá
Is tabhair do lámh go dlúth domh
‘S gur dual domh bua na gcúige fháil
Go brách ná déan mé dhiúltú
A chúil na ndual ‘sé mo chumha go buan
Nach bhfuilim leat fuaite i gcleamhnas
Is béad go duairc fá shíor ghruaim
Má bhís i bhfad uaim-se a ansacht!

Ah! ba mhór a thug mé grá do mo chúileann bán
An lá breá i gcúl an gharraí
Is a béilín tláith mar chúr na trá
‘S a grua chomh dearg leis na caorthainn
A béil ba bhinne ’ná an chuach ar bhile
Ag ceiliúr caoin na n-éanlaith
Is trua gan mise ag éalú leat
Faoi rópaí is seoltaí séidte.

Oró, a chuid ‘s a rún dá ngluaisfeá
A’ shiúl go tír na long as Éirinn
Níl tuirse croí nó tinneas cinn
Nach leigheasfaí ann gan amhras
Nó gur tú mo rogha inniu is inné
Agus coinnigh agat féin ón bhás mé
Nó gan grásta Dé ní mhairfidh mé
Ar an tsráid seo i mBéal Átha hAmhnais.