Mainistir na Búille – Corn Uí Riada 2014

Amhránaí

Mainistir na Búille

Ó chaith mé seacht seachtainí fá Mhainistir na Búille
I mo luí: mo shuí: mo chodladh agus mo mhúscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht ‘na bhaile agus an eaglais a bheith faoi rún liom
Arb é brí mo scéil a chailín is gan tusa a bheith ag dúil liom.

Ó is maith an fear fóinte mé lá Fómhair agus Earraigh
Bhainfinnse an eorna is chuirfinn romham í arís sna bealaí
Tá bláth buí ar an eorna is tá an Fómhar ag pilleadh arís léi
Ach croí brúite ag an ógmhnaoi nach lag brónach a d’fhág sí mise.

Ó tógfaidh mé mo sheoltaí lag brónach fá Shamhain
Is ní dhéanfaidh mé stad nó scríste nó go raibh mé is mo ghrá i Sasain
Nach trua nach é an bás a bhí i ndán domh sna bealaí a bhí fada
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh fána cúilín bán deas i bhfad ó bhaile.

Ó bhí mé lá Samhraidh is mé ag siúl chois Bóinne
Casadh domhsa an spéirbhean is í gabháil tharam ina cóiriú
Fana pilín ard riabhach ‘gus a diallait ghlan óirbhuí
Is na ceoltaí bhí meidhreach ag Máire an chúil an óirbhuí.

‘Nuair a théimse i gcos íseal ag déanamh faoistin leis a tsagart
Ó is ortsa bím ag smaointeadh ó oíche go maidin
Mura bpilleadh tú a dhia anois faoi dhídean na coilleadh
Sé mo chónra a bhéas á cóiriú ag fear mo chaointe i bhfad ó bhaile.

Ó tá ceo ar na réalta ar an ghréin is ar an ghealaigh
‘S tá dalladh ar mo radharcsa is ní léir domhsa na bealaí
Tá cuach i nGleann Éinnigh is ní féidir liom a mealladh
Is tá cumha nach scarann go héag liom go dté mo chonair-sa i dtalamh.