An Draighneán Donn – Corn Uí Riada 2014

Téamaí

An Draighneán Donn

Agus síleann céad bean gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
Téann dhá dtrian síos dhíom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom;
Sneachta séidthe is é á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn
Is go bhfuil mo ghrá-sa mar bhláth na n-áirní ar an Draighneán Donn.

Agus fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Ball séir ar an té a déarfadh nach tú mo ghean
‘S an lá ina dhiaidh sin, nach deas mar a d’éalóinn faoi na coillte leat.

Is glaise a súil ná an féar is ná an drúcht is ná duilliúr na gcrann
Is gile a taobh  ná an sneachta ar thaobh cnoic is é á chaitheamh go mall
Faraor géar nach bhfuil mé fhéin agus mo chéad míle grá
I ngleanntán sléibhe roimh éirí gréine is an drúcht ar lár.

Is tá agamsa féirín le mo chéadshearc  i mo phóca thíos
Is fearaibh Éireann ní léigheasfadh an cumha seo faraor.
Tá mé réidh leat nó go ndéantar dhomsa cónra chaol
Is go deo ina dhiaidh sin nó go bhfásfaidh an féar glas trí na lár aníos.

Agus slán feastsa leis an mbaile atá thiar i measc na gcrann
Mar is ann atá mo tharraingt go luath agus go mall,
Nach iomaí sin eanach fliuch ‘s salach agus bóithrín cam
Atá ag goil idir mé agus an baile bhfuil mo stóirín ann.

‘S dá mbeinn i mo bhádóir, nach deas mar a shnámhfainn an fharraige anonn.
Dá mbeinn i m’fhaoileán nach deas mar a d’éireoinn faoi bharr na dtonn
Bheinnse ag éalú le mo chéadsearc is ag fáisceadh a coim
Is an lá nach bhféadfainn-se bean a bhréagadh, níl an báire liom.

Is nach fear gan chéill a rachadh a’ dréim leis an gclaí atá ard
Is claí beag íseal lena thaobh ar a leagfadh sé a láimh
Cé gur ard é an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
Is go bhfásann sméara agus bláth sú craobh ar an gcrann is ísle bláth.