Róisín Dubh – Corn Uí Riada 2019

Téamaí

Róisín Dubh

Nach fada an réim a thug mé fhéin liom ó inné go inniu
Trasna sléibhe i mo chadhain aonraic ní raibh aon neach liom
Loch Éirne chaith mé go léim í cé go mba ard a bhí sruth
‘Gus tá m’anam gléigeal ligthe i léig a’am le mo Róisín Dubh.

Ó, a Róisín ná bíodh brón ort faoi ar éirigh dhuit
Mar tá do dheartháir ins an nGearmáin ‘s tá a thriall thar muir
Is tá do phardún ón bPápa ‘s ón Róimh uilig
Agus ná spáráil fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Dhá mbeadh seisreach a’am nach deas mar a threabhfainn in aghaidh an chnoic
Dhéanfainn seanmóir ar an altóir mar a hordaíodh dhom
Thabharfainn-se póg nó dhó don chailín a lig a h-óighe liom
Nach ndéanfainn cleas deas ar chúl an easa le mo Róisín Dubh.

Tá mo Róisín gheal lúfar taobh thall don tsruth
Tá crios an phrionsa uirthi fáiscthe faoi lár a coim
Ná raibh an smál ort gur shantaigh tú an t-óg fhear glé
Agus díbrigh anonn í nó damnóidh sí na h-oird uilig.

Nach bhfuil an fharraige ina na tuille tonna s tá an spéir ina fuil
Tá na bráithre bána tíocht thar sáile le cabhrú linn
Ach a chraoibhín chumhra cén fáth a dhúirt tú go raibh grá a’at dhom
Is ná bhfaighe an chéad scoth de na mná buartha a bhí i mo Róisín Dubh.