Barr a’ tSléibhe – Sean Nós na mBan 2017

Barr a’ tSléibhe

Is a Mháire tá dícéille ort mura dtéigh tú liom an tsléibhe
Ná fág anseo liom fhéin mé go huaigneach ins an oíche,
Tá do theach mór dhá dhéanamh faoi sheomraí geala in éadan
Agus beidh muid ann go héarach mo léan ar bheagán cíos.

Is dá bhfeicfeá Barr an tSléibhe nuair a bhíonns an ghrian ag éirí
Níl duibheagán sa spéir ann ná gangaid ins an ngaoth.
Tá an broc ar thaobh an léanna ann, ‘s tá an sionnach rua ar na péaca
Tá an giorria ag boc-léimneach le pléisiúr insa bhfraoch.

Tá an abhainn le do thaobh ann is binn a fuaim san oíche
Tá bradán inti sínte is go minic ar chúrsa an tsnáimh
Tá uain dhá mbreith is na faoiligh ann tá bainne go leor ag caoirigh ann
Is tá foscadh ar gach síon ann de oíche is do ló.

Tá úth na mba ag pléascadh ag tíocht abhaile ‘géimneach
Is binn deas ceol na n-éan ann ins na gleannta teacht na hoíche
Tá an fear ‘s a bhean in éindí go grámhar lena chéile.
Is an seanduine bheadh na céadta bliain níorbh fhada leis a shaol.

Tá coirce bán is eorna ann tá fataí ‘s rud go leor ann
Tá cuireadh ag lucht bóthair ann is fáilte roimh gach n-aon
O’Reilly seinm cheoil ann, tá fíon ‘s tá brandy ‘s beoir ann
I gcomhluadar daoine móra agus an t-airgead dhá roinnt.

Tá an stil ag rith i gcónaí ann is na baraillí dhá líonadh
Tá cead ag clann na ríthe bheith go síoraí ann ag ól
Tá an sagart ann is córa dhá bhfaighfeá in aon deoise
‘Gus a Mháire tóig mo chomhairle, ó tar is éalaigh liom.