Bean an tSeanduine

Bean an tSeanduine

‘Gus ag tíocht aniar ó Bhalla dhom dhá mhíle amach ón gClár,
Cé casadh orm ach cailín deas agus í ar a diallait ard,
“An tusa bean an tseanduine?” ” Is mé, mo chreach is mo chrá,
Is dá mbeinnse bliain ‘mo chónaí leis ní thabharfainnse dhó grá!”

“Ó, brón ar mo mhuintir a phós mé chomh hóg,
Phós siad leis an seanduine mé mar gheall ar chúpla bó,
Míle uair ab’fhearr liom agam an buachaillín deas óg,
A thiocfadh isteach ar maidin ‘s a bhéarfadh dhomsa póg!”

“Is nach deas an fear i mbaile mé? níl dúil agam san ól,
Tá tréith níos fearr ná sin agam a bhréagfadh cailín óg,
Shaothróinn arán ‘gus fataí di, cruinneacht is eorna mhór.
‘S a Dhia nárbh fhearr dhuit agat mé ná réic de bhuachaill óg.”

“Míle uair a b’fhearr liom agam an buachaillín deas óg,
Nach ligfeadh chuig an aifreann mé ‘gus bairbín ar mo bhróg,
A thabharfadh chuig teach a’ leanna mé ‘gus a d’ólfadh a ghiní óir,
‘S nach mbeadh sé chomh maith leat, a sheanduine, nuair a bheadh na páistí mór.”

“Más cailín den tsaghas sin thú ‘s go bhfuil dúil agat san ól,
Is gearr a mhairfeas airgead dhuit ná do shealbháinín bó,
Ach iarraim ar Dhia ‘s ar Mhuire mura mairfinn an oíche beo
Go bhfeicfead ag iarraidh déirce thú ‘s do mhálín ar do dhroim!”

“B’fhearr liom ag iarraidh déirce is mo mhála ar mo dhroim,
Ná do leithéide de sheanduine a bheith sa mbaile agam tinn,
Mar shílfinn mura ndéantá ach casacht nach mairfeá an oíche beo,
‘Gus lig de do chuid chlamhsáin feasta liom, a ghiolla an chársáin mhóir!”