An Cailín Fearúil Fionn

An Cailín Fearúil Fionn

Is dá mbeadh bó nó dhó ag mo stóirín
Nach deas mar a sheolfainn iad
Níorbh fhearr liom áit dhá sheolfainn iad
Ach amach ag Loch an Bhuí
Mar is ann a dhearc mé an óigbhean
Go deo deo a bhris mo chroí,
‘S mura bhfaighidh mé í le pósadh,
Ní mhairfidh mé beo mí.

‘S a stóirín, ná bíodh buaireamh ort,
Sin ná brón ná briseadh croí,
Ná déanadh aon ní imní dhuit
Ach aer agus spóirt an tsaoil,
Is dhá mba liomsa a bhfuil den ór buí
Faoi ghlas i gcomhraí an Rí,
Nach dhuitse fhéin a thabharfainn é
Mar is tú an cailín fearúil fionn.

Is nach truaigh gan mé i m’éinín
‘Gus cleite ar chuile dhath.
Óra threabhfainn fód an réigiún
Ar thuairisc an chailín deas,
Mar is deise i bhfad í ná Véineas
Ná a bhfuil go mhná faoi saol
‘S nach cuma céard a d’iarrfas mo mhuintir
Is léithe a phósfar mé.

Is nach trua gan mé i Sasana
‘Gus mé i mo cheannaí snátha,
Mo stóirín a bheith in aice liom
Is níorbh fhada liom an lá
Mar d’íocfadh sise an reicneáil
Agus cheolfainn-se go binn,
‘S nach snámhfainn páirt den fharraige mhór
Le mo chailín fearúil fionn.

Amhráin eile le Bríd Treasa Ní Ghaoithín