An Caiptín Ó Máille – Fir os cionn 35bl 2015

An Caiptín Ó Máille

Is ar an gcéad lá go mhí an Fhómhair sea chroch muid na seolta,
Ag tarraingt ar na cóstaí go Tóin an Bhuinneáin siar,
Agus thart anseo le Cliara ‘gus Acaill Bheag taobh thiar dhi,
Go hInis Airc ár dtriall, beidh aoireacht orainn ann.

‘Gus thart le Rinn an Mhaoile ‘gus síos go Cruach na Caoile,
An Cloigeann lena thaobh sin ‘gus Trá Bhríde ina dhiaidh,
Nó gur dhoirteamar le fána, ó thrí fharraige ‘gus í cáitheadh,
Go dtáinig muid don Ráithe, mar is ann a bhí ár dtriall.

‘Gus ag síneadh dhúinn le Árainn ó mhéadaigh ar an ngála,
Bhí cúrsa istigh in am againn is ní mba tráth faillí é;
Nó gur ardaigh sé chun feochain is as sin chun gaoithe móire,
‘S gur chrochamar na seolta, is níor mhór dhúinn é in am.

‘Gus an fharraige gur léim sí ‘gus las na tonnta tréana
Ó chruinnigh ar na spéartha ‘gus mhéadaigh ar an gceo
Is dhá mbeadh caint ag na clára, go n-inseoidís scéal cráite
An goireacht ‘gus chuaigh an bás dhúinn is gan eadrainn ach iad.

Is bhí criú na loinge ar aon chor is iad ag dearcadh ar chlár m’éadain,
I súil le cabhair a dhéanamh agus gan aon mhaith dhóibh ann,
Ach gur dhúirt mé leo ar aon chor go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn,
Ag iompar a gcuid éadaigh an fhad is ab fhéidir leí snámh.

‘Gus tá mo lámha stróicthe ag síoraí ag tarraingt rópaí,
Tá an craiceann is an fheoil is iad tarraingthe amach ón gcnáimh
Más sé an bás é a gheall Mac Dé dhúinn, ó cén mhaith dhúinn a bheith dhá shéanadh
Ach a ghoil go flaithis Dé dhúinn in aon staid amháin.

I tá mo shoitheach bocht sa brúite ó easnachaí go glúine
‘Gus tá a cuid boltaí lúbthaí agus ar ndóigh ní gan fáth
Is anois ó lag an feothan is go bhfuair muid beagán córtha
Óra críochnóidh mé an tamhrán is ólfaidh muid braon leann.