Na Táilliúirí – Corn Uí Riada 2017

Amhránaí

Na Táilliúirí

Tráthnóna Dé Sathairn ‘s mé ‘stigh i dtigh óil,
Sa chúinne go seascair is piúnt os mo chomhair.
Do tháinig chugham gasra ‘s do luíodar ar ól,
A’ díol is a’ glaoch ar na cártaibh.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Bhí duine acu ar leathbhuile is duine acu óg,
Is duine ba shine ná mise go mór.
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid fútha ‘n t-ól,
Féachaint cé acu dob oilte mar tháilliúr.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Do labhair an fear críonna, sé an tomhaise dhá rá
Dá bhfeicfeadh sé duine ‘siúl roimis sa ród,
Go gcuirfeadh sé culaith air ó smigín go bróg
Gan farcadh ná feithleog ar fháithim.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Ní gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg,
Ach ar tháilliúirí oilte níl meas ar do shórt.
Mura bhfeicfinn ach an cúinne don duine ach a chló
Chuirfinn culaith air den bhfaisean is déanaí.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Do labhair an fear buile, le fuinneamh ‘na ghlór.
“Éistíg” ar seisean,”ná labhraig níos mó.
Mara bhfeicfinn ach an cúinne ‘n ar ghaibh ar fear óg
Chuirfinn culaith air a sheasódh go bás é”!

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Buile ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

Sular rith liomsa an ghloine a bhí agamsa a ól
Bhuail táilliúr na buile le pleannc an fear óg.
Gloiní ‘na mbplanntracha, a’ titim den mbord
Is tiomáineadh ar Buile ‘n fear tábhairne.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.

D’éiríos im sheasamh chun réitigh, dar ndó
Ach dá mhéid mo chuid saothair, bhíos lán d’ fhuil shrón.
Ciceanna teanna a bhí ag éirí dom thóin
Is bhí mo loirgne stractha is gearrtha.

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr,
Is iarann smúdáltha ‘bhí i bpáirt ag an dtriúr.
Táilliúr na Geince ‘gus Táilliúr na gCrúb
Agus Táilliúr na Buile ó Chill Airne.