Máire Ní Laoghaire – Corn Uí Riada 2012

Amhránaí

Máire Ní Laoghaire

Go n-éirí an saol leis an bhfideog  slé’ amuigh a thug an scéal san chughatsa;
Le grá’ s le méin duit thar mhnáibh na hÉireann a bhláth ‘ s a chraobh na n-údar.
Ó bhís chomh héasca ‘gus lách le béiribh is a bhfágaint tréith le púdar,
Tá an cairde taobh leo le grásta an Aonmhic do ghearr an téarma ar dtúis dóibh.

Beidh stealladh piléar agus pící géara dá gcur ‘na méadail brúidigh,
Beidh cloch is craobh orthu ó láimh gach éinne agus mallacht Dé ar a gcomplacht,
Ó beidh siad faon-lag faoi spalladh gréine gan neach sa tsaol ‘na gcúram,
A gcoin ‘s a mbeagles ‘s a gcapaill traochta gan suim i ngéim ná i liú acu.

Tá dream an áil seo go céasta cráite ‘gus cíos is cáin á dturnadh’
Agus búir go táchtmhar ar hallaí bána agus deireadh a gcairde tabhartha.
Ní bheidh féasta ar clár dóibh ach prátaí bána agus salann lán de bhruscar,
Is le méid a ngátair ní bheinn féin sásta gan córda cnáibe a fháil chuchu.

Dá mbeinn ar chlár glan faoi sholas bán ‘gus solas bán gan múchadh
Is dá n-aireóinn rás ar an ndream so chráidh sinn go n-éireoinn láidir chuchu
Tá mo shiúil lem’ Máistir ná raghad an bhán glas go bhfeicfead tláth an chomplacht
Is go mbead á n-áireamh i bpollaibh báite, is ar faillthibh árda dá rúscadh.

Is a  mhic a’ dea-athar, do chuala trácht ort, nár mhaith do cháil id’ dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoi bhláth ort a chuirfeadh  caráiste is fonn ort;
Dá gcastaí orm tú i dtigh an tábhairne do thabharfainn cárt faoi chúr duit,
Ag crothadh láimhe is ag ól do shláinte agus puins ar chlár go flúirseach.

Is a mhic a’ dea-athar, is a rí na sár-fhear nár thuill riamh cáineadh, do bhí fial fáilteach flúirseach,
Ní dhéanfad trácht ar a thuilleadh dánta, táim críonna támhach-lag brúite.
Ó bronnaim láithreach an chraobh id’ láimh duit, a bun a barr ‘s a húlla,
‘S ná caill do charáiste, sa bhliain seo lámh linn ina mbeidh uchlán ar bhúraibh.

Ó go deimhin a stóraighe, más fíor do ghlórtha gur dheinis óg arís mé,
Chun ‘tally-ho’ bheith ar mhnáibh na rógairí d’itheann feoil Dé hAoine.
Sé deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na cléire córach, is gabháil an bóthar díreach.