An tAiséirí – Amhráin is Ansa Liom

Téamaí

An tAiséirí

Is é Íosa an fíréan, a shaothraigh ár n-anam 
‘S é a rinne muid a cheanacht ón daoirse; 
D’fhulaing Sé páis agus bás ar an gcrois 
Ag tabhairt sásamh ins na peacaí seo ‘níos muid.

Agus siúlaigí amach liom sa ngairdín a Pheadair 
Tá uaigneas mór ar mo chroísa 
Sé ualach na bpeacaí is ciontach le m’uaigneas 
Agus fairigí uair liom don oíche seo.

Tá an t-arán seo déanta i d’fhianaise, Pheadair 
‘S a Pheadair caithfidh tú an t-arán seo; 
An té chaitheas an t-arán seo, caithfidh sé mise 
Idir fheoil, arán agus diacht.

Tá an fíon seo déanta i d’fhianaise, Pheadair 
‘S a Pheadair caithfidh tú an fíon seo; 
An té chaithfeas an fíon seo, caithfidh sé m’fhuilse 
Bhí ag tíocht ina braonta as mo chroí-sa.

Agus chuaigh na trí Muire ar maidin Dé Domhnaigh 
Go leigheasfaidís créachtaí Íosa; 
Chuartaíodar an tuamba thar timpeall le ballaí 
Ach ní bhfuaireadar aon amharc ar Íosa.

Agus Alleluia Alleluia Alleluia 
Má mhaslaítear an cholainn ní baolach dár n-anam 
Ach ná séanaigí m’ainm-se choíche.