Donncha Bán – Amhráin is Ansa Liom 2

Donncha Bán

Is ar an mbaile seo a chonaic sibh an t-ionadh
Ar Dhonncha Bán agus é dhá dhaoradh
Bhí caipín bán air in áit a hata
Is róipín cnáibe in áit a charabhata.

Is tá mé a’ tíocht ar feadh na hoíche
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór caorach
Mo bhrollach oscailte is mo cheann liom scaoilte
Is cá bhfaighinn mo dheartháirín romham ach sínte.

Is shil mé an chéad dreas ag gob a’ locha
An dara dreas ag bun do chroiche,
An tríú dreas ós cionn do choirpse
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh.

Is a Dhonncha Bháin níorbh í an chroch ba dual dhuit
Ach a ghoil ag an scioból agus an teascair a bhualadh
An chéachta a iompú deiseal is tuafal,
Is an taobh dearg den fhód a chur in uachtar.

‘S dhá mbeitheá agamsa ins san áit ar chóir duit
Ó thíos i Sligeach nó i mBaile an Róba
Bhrisfí an chroch agus ghearrfaí an rópa
Ligfí Donncha Bán abhaile ar an eolas.

Is a Dhonncha Bháin, a dheartháirín dílis,
Nach maith atá a fhios a’amsa céard a bhain díom thú;
Ag ól an chupáin is ag deargadh an phíopa
Is ag siúl an drúchta go domhain san oíche.

Tá spré Dhonncha Bháin ag teacht abhaile
Ní ba, caoirigh é ná capaill
Ach tobac is píopaí is coinnle geala
Agus ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite.