Coinleach Glas an Fhómhair – Sean Nós na mBan 2013

Coinleach Glas an Fhómhair –  Sean Nós na mBan 2013

Nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, sea dhearc mé thú,
‘S nach dheas é do sheasamh i mbróigín is ba ró dheas é do leagan súl,
Do ghrua ba deirge ná an rósa ‘gus bhí do chúilín fite dlúth,
Sé mo léan géar gan mé is tú pósta ar bhord loinge ag goil anonn.

‘Gus cuirfidh mise na bróin ar an óigbhean nár fhan mar a bhí
Is nach deas mar a chasfainn ceol dhi chuile oíche Dhomhnaigh is mé ag tuar na lín,
Mar bhí a com níos gile is níos míne ná an síoda is ná clúmh na n-éan
Is nach tráth m’osna a dhéanaimse san am a smaoiním ar mo mhuirnín fhéin.

‘Gus a Mháire a dtug mé grá dhuit, is sé mo léan géar gan mé agus thú
Ar oileáinín rúin Phádraig san áit nach snámhann ann bád ná long,
Mar a chaithfinnse naoi lá leat naoi dtráth gan codladh ciúin
Ar shúil is go bhfaighinn sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm.

‘Gus fuair mé litir scríofa ó mo ghrá fhéin agus casaoid crua
Gus chuir mé chuici aríst í, is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual,
Nuair a léigh mé í go cúramach ‘gus bhí na deora a sileadh liom
Ach ní beo mé mara bpósfaidh mé ainnir na gcuach.

Is cheannaigh mé buidéal réice dhom fhéin agus do mo mhíle stór
Chun beannachtaí a chur léithe, cúl craobhach na bhfáinní óir,
Ach deoir níor bhlais a béal dhe is nár mhéadaigh sin m’osna go mór,
Is a ghrianáin ban Éireann, i do dhiaidhsa ní mhairfead beo.

‘Gus is cuma liomsa fhéin céard a bhéas aon fhear amháin a rá
Ach tabharfaidh mé cuairt ‘gus céad ins an taobh dhíom ina mbíonn sí ann
Mar sí cuaichín bharr na gcraobh í, sin meidhreoigín an bhrollaigh bháin
Sí rún agus searc mo chléibh í agus ní shéanfad í nó go bhfaighidh mé bás.