Úna Dheas Ní Nia – Sean Nós na mBan 2017

Úna Dheas Ní Nia

Dá mbeinn mar a bhí mé lá eicínt, gan aois gan pianta cnámha
‘S ní choinneodh feara fáil mé as an áit a mbeadh mo mhian
Bheinn de shíor ag dearcadh dealramh is gile, deise is breáichte
Leis an méid a dtug mé grá dhi, rinne áras i mo chroí.

‘S cén t-ionadh na fir óga a bheith ag caint ar bhean i gcónaí
Nó ag súil le blais a póigín – ‘sí an ógh í a bheannaigh Críost –
Is ina diaidh ní mhairfidh beo mí, leis an méid a dtug mé grá dhi.
‘Sé mo léan gan mé is tú pósta, a Úna dheas Ní Nia.

An té a d’fheicfeadh í Dé Domhnaigh, is í gléasta suas ina cóiriú
Ba gheall leis an réalt eolais í tíocht romham amach sa tslí.
Is níl baol seachmall ná ceo ar bith choíchín ná go deo dhi,
‘S an ghrian níor scairt sí fós orm chomh mómhar le mo mhian.

Tá a cúilín trilseach fáinneach is é lag fite i ngar dá cluasa.
Tá a dhá grua mar an rósa ‘gus an lile ag briseadh thríd,
‘Gus is fada ó gheobhadh na sluaite bás i ndiaidh mo stuaire,
Mar an áit ar cheap Dia lóistín dhi i dteorainn Inis Nia.

Is dhá mbeadh sí shuas in éifeacht in inmhe bheith ina chéile
An t-am úd go raibh na Gréigigh goil chun troda leis an Traoi,
Bheadh Héilean gan aon éileamh is ní bhuailfí buille ar aon taobh,
Is bheadh Páras ina cheann réitigh ag Úna dheas Ní Nia.

‘S dhá mba liomsa a bhfuil i bPáras faoi chumhachtaí Bhonaparte
Ó saibhreas Rí na Spáinne is é a fháil ar fad le roinnt,
Níl pingin dá mbeadh ar m’fháltas, nach dtabharfainn ina láimh dhi
Ar shúil is gur mise an páirtí a bheadh ag Úna dheas Ní Nia.

Sí Úna mhaiseach mhómhar fuair bua ar mhná chríoch Fódhla
Le stuaim, le gean is le córtais, lena háilleacht ‘s le na gnaoi.
Is dhá bhfaighinn mo rogha le tógáil ar mhná breá chríoch Fódhla
Sí Úna Bhán a roghnóinn i dtosach ar mhná an tsaoil.

Is nach mór an t-údar éagnaigh gur rugadh i bhfad roimh ré í
Nuair a bhí na fir níos tréine is nach mbeidh go deo deo arís
Heirciléas a ghaolta, is cén mhaith dom bheith déanamh scéal dhó
Ach é a fhágáil ag lucht léinn is ag lucht seanachais le ríomh.