An Sagairtín – Sean Nós na bhFear 2019

Amhránaí

Téamaí

An Sagairtín

Tá an oíche seo dorcha ‘gus tá sí fuar,
‘S tá sí i goilliúint ar mo chroí go crua;
Mo stór a d’imigh uaim ‘s nach bhfuil le fáil,
‘S a bheas a’ goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.

‘S nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
Nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige ‘gus séala ó Chríost,
Is tá sé ag triall chun na coláistí.

Ó níl mé tinn ‘s níl mé slán,
‘Séard a dúirt mo mhuintir go bhfaigh mé bás
A Dhia ‘s a Chríost, nach mór an feall,
A bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.

Sé an trua ghéar gan mise is mo mhuirnín bán
Ar bhord na loinge goil anonn le fán
An taoille ag tuille ‘gus taoille ag trá
‘S gan fhios ag ár muintir an raibh muid ann.

Ó éist, a chailín deas is ná sil deoir,
Ní dhuitse a rugadh mé ná go aon bhean beo
Ach baistfidh mé do leanbh le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféala a’m ba leat mé fhéin.