An Ciarraíoch Mallaithe – Sean Nós

Téamaí

An Ciarraíoch Mallaithe

Má leanaim go dian tú siar chun Cairibreach
Caillfead mo chiall mura driallfair abhaile liom,
Óró, bead ag sileadh na ndeor.
Ná tar im dheoidh gan mórchuid airgid,
Stampaí Rí Shacsain go cruinn i dtaisce agat,
Óró, i gcomhair costais an róid.

Ní bheidh cloig ar ár ndornaibh ó rómhar na ngarraithe
Ná ó chruacha na móna ná an fómhar a leathadh orainn,
Beidh rince fada againn más é is fearra leat,
Ór is airgead, ól is beathuisce,
Óró, fad a mhairfimid beo.

Nuair a bhraith an Aoileann an oíche tagtha,
S’ ná fuair sí istigh ná amuigh sa gharraí mé,
Óró, do chas ologón.
Do phreab sí ina suí, ag caoineadh a cuid airgid,
Dá rá gur mheallas a croí lem’ chleasannaibh
Óró fad go dtéigh síos faoin bhfód.

Éirigí ‘chairde, ní foláir nó go leanfam é.
Cuardóm na bánta ‘gus ard na ngarraithe.
Don gCiarraíoch Mallaithe, a mheall mo chuid airgid.
Lena bhréithre bladair, ag diúgadh an chnagaire.
Óró s’ ná feadar cá ngeobhad.