Buaireamh an Phósta – Sean nós na mban 2013

Buaireamh an Phósta

Tuirse mo chroí ar a phósadh ‘s ar bhuachaillí óga an tsaoil
Nár bhfearr daoibhse cailín deas leofa nó bean a mbeadh puntaí léi
Oíche mhór shneachta nó shíobtha nár dheas a bheith ag súgradh léi
Seachas cailín dubh buí ‘s a cuid puntaí agus í ag ceasnúil go géar.

Nach mise a bheadh aoibhinn sásta, ag ragaireacht lá gan léan
Ach gur chuireas mo mhéar ins an fháinne, agus connóir ar chlár don chléir
Fuair mise an bhean a bhí i ndán domh, ach má tá ní grá mo chroí
Ach cailín dubh buí a bhíos ag srannfaidh, is ag tarraingt an tsúisín léi.

Nuair a théim go dtí faire ná tórramh ‘sé fhiafras na hógánaigh díom
‘Caidé mar a mothaíonn tú an pósadh nó an mothaíonn tú d’óige á chloí
‘Sé dúirt agus deirim fhéin leofa go mothaíonn go mór faraor
‘S an méid acu ‘tá gan pósadh gur acu ‘tá spórt a’ tsaoil.

Ó rachaidh mé scileadh ‘s a chaitheadh go Baile na nIarr fhad siar
‘S bhéarfaidh mé ‘n ruaig sin ar Árainn ‘s an ainnir a chráigh mo chroí
Dár leoga mar rinneadh mo phósadh ní mór ná gur cealgadh mo chroí
Ach rachaidh mé arís chun na Róimhe nó go bhfaighidh mé cead pósta arís.

Ó dhéanfaidh mé cuilt do mo bhríste a mhairfeas le saol na bhfear
‘S ní bhainfidh mé an fheasóg sé díom nó go bhfásfaidh sé míle ar fad.
Dár leoga mar rinneadh mo phósadh ní mór ná gur cealgadh mo chroí
Ach rachaidh mé arís chun na Róimhe nó go bhfaighidh mé cead pósta arís.

Nach mise nach ndéanfadh díchéille dá bhfaigheadh mo chéile bás
An oíche a d’fhuígfinn sa chré í chodlóinn fhéin mo sháith
Cheannóinn culaith mhaith éadaigh, hata agus léine bhán
Chuirfinn mo dhúil in sa phléisiúr agus thógfadh díom buaireadh a lán.