Cúirt Bhaile Nua – Amhráin is Ansa Liom

Cúirt Bhaile Nua

Lá breá dár éiríos ar maidin, ag triall dom ar Chúirt Bhaile Nua,
Cé a d’fheicfinn ach Neilí ag gabháil tharam, is ba ró dheas é a leagan ‘s a snua;
Bhí a grua bán níos gile ná ‘n eala, ná sneachta mín éadrom an lae,
‘Gus a stóirín, nach trua leat mo chás-sa, mar is lag lúbach a d’fhága tú mé.

Tá teachín deas gleoite sa ngleann a’m, agus bím ann go huaigneach liom fhéin,
Is dhá dtiocfadh mo Neilí ar cuairt a’m, thabharfainn póigín deas milis dá béal;
Nach iomaí cailín deas a chroithfeadh láimh liom, is a thiocfadh sa teach a’m le mí,
Ach dhá bhfaighinnse leo ór buí ‘gus diamonds, sí Neilí tá i gceartlár mo chroí.

Cén t-iontas dhá lasfadh an talamh, cén t-iontas dhá mbrisfeadh mo chroí,
Cén t-iontas do mo shúile a bheith leata is a liachtaí deoir a shil siad le mí.
Tá mise tinn brónach le fada, deir mo mhuintir gur athraigh mo shnua,
Ag dearcadh go géar ar an gcailín, atá ina cónaí i gCúirt Bhaile Nua.

Ach brón ar an té nach mbíonn críonna, is nach ndéanann gach ní mar is cóir,
Is mise mé fhéin a bhí ciontach nach ndeachaigh mé in am faoina comhair
Ó, thabharfainnse cliú agus cáil di, ach níl goir agam labhairt léi níos mó.
Is go siúlfainn seacht ríochta na hÉireann leis an bpéarla ‘tá i gCúirt Bhaile Nua.