A Ógánaigh Óig – Sean Nós na mBan 2025

Téamaí

A Ógánaigh Óig

A ógánaigh óig dá siúlfá an ród liom
Ba deas do lóistín is do leaba luí
Bheadh fliúit is orgán ag seinm ceoil duit
A thógfadh an brón seo go léir ód’ chroí.
Ins na bóithre udaí bhéinn leat i gcónaí
Dá dtabharfá móid dú nach mbeifeá claon
Is dá bhfaighinnse bás is mé sínte ina gcomhnair
Le fáil do phóige sea bheinn slán arís.

Is cailín óg mé amuigh ar a’ bhfásach
Ag gol go cráite is ag sileadh deor
Tá leanbh óg ar bhac mo láimhe
Is gan aon deoirín bán chun a bhéarfainn dó.
Dá mbeadh fhios agam féin nach raibh tú i ndán dú
Ní dhéanfainn dáimh nó comhrá leat
Is gur daigne a bhí mise i do ghrása
Ná mar bhíonn na tairní i gcruth na n-each.

Nár dhúirt tú liomsa, a Ghiolla na Ruaidhe,
Nach bhfaighfeá suaimhneas mura b’fhada an oíche
Go dtiocfá chugam le do chomhluadar
I ndiaidh do mháithrín a luascadh a luí?
Nár dhúirt tú liomsa go raibh do pháirt liom
Gur i mbun do láir a bhí do ghean ‘na luí
Is go déarfá arís nuair a bhí sé ‘na lá againn
‘Sé mo chrá nár tharla sé ina oíche arís.

Dá mbéinnse eolach ar dhéanamh ceol binn
Ó thriallfainn leatsa amach san oích’
Go gleannta coille amuigh ar an uaigneas.
Le cairde dílse bheith linn a choích’.
Ó bheifeása ‘ léamh is bheinnse ag foghlaim
A chroí bhig óig is a bhuachaill chóir
Ach ó thréig tú féin mé, ó tá mé brúite
Is beidh mé feasta fad a bheas mé beo.

Ó rachaidh mé go moch amárach
Go cuan na mbád le héirí an lae
I ndúil go b’fheicinnse croí na páirte
Le thriall thar sáile le cuidiú Dé
Ó tá sé go cinnte gabháil á m’fhágáil
Is nach dtig aon athrach ar an scéal
Cá ndeachaidh d’ansacht, a Mhairéad Ní Chathasaigh
Le Ruairí atá sé is mé ag gol faoi léan.