Ar Chuan Bhinn Éadair – Sean Nós na bhFear 2015
Amhránaí
Ar Chuan Bhinn Éadair
Ag Cuan Bhinn Éadair ar bhruach na hÉireann
‘S mé ar thaobh tonn na bóchna i mo luí,
Tháinig aisling béalbhinn gan fhios ‘om fhéachaint
In aiste Véineas nó i gcló bean sí,
Agus dúirt gur éirigh as an Chreagán céad fear
De mhaithibh Gael as na tuambaí aníos,
‘S go raibh Síol Néill ina mbeathaibh saora
‘S an Feadh ag géilleadh dóibh in ór is i maoin.
Dhruid mé léithe comh dlúth is d’fhéadfaí
Ar chluinstin réim cheart na cúige thíos
Agus d’fhiafraíos féin di an raibh mac Éinrí
Ag cur na cloiche réime úd in ord arís,
Nó ar chúrsaí tréasa in aghaidh na dtréanfhear
Coillidh Dhún Réimhe a bheith dóite i ngríos,
Nó arbh fios don mhaighdean bhí ag ársaí scéil domh
‘Raibh Eoghan Ó Néill mac Airt Óig sa tír?
Sé dúirt an néamhainn gur tráth domh éirí
‘S cónaí a dhéanamh fán chúige thíos,
Mar a raibh an tAthair Féilim arís in éifeacht
Ag teagasc daonnacht mar chóir don tír
Mar a bhfaighinnse léagsaí ar fhearann saor arm
Ag cumadh véarsaí go ceolmhar caoin,
‘S nárbh fhiú domh éaló i dtír ó chéile
Fan chloigín bhuartha a bhí i ndorn mhic Naois.
D’fhiafraíos fhéin den bhruinneall chéanna,
‘An tusa Héilean fár dóigheadh an Traoi?
Nó an tú bean Oirféas ar lean sé fhéin í,
Go dtug sé as géibheann lena mheorghuth í?
Nó an tú an té úd fuair úll na scéimhe
Ler lasadh éadbhróid go mór fan Traoi,
Nuair a fuair tú aréir mé in uaigneas sléibhe
‘S gan fios ag éinne an cúige a mbím?”
‘Ní mise éinneach den bhandáil chéanna
Bhí seal gan léine os comhair mhic Phriaim,
Ach bean den Ghaeltacht is de threibh Mhiléiseas
Bhí seal in éifeacht ag Eoghan sa chrích,
Léir scriosadh céad fear de mhaithibh Gael breá
In Eachroim slaodach ‘s fán Bhóinn le bríb,
‘Tá anois ag éirí ón Fhrainc le scéala
Go bhfuil Art Ó Neill ag teacht i gcomhair arís.
‘Tá mo chroíse réabtha ina mhíle céad chuid
Is balsam fhéin ní fhóirfeadh mo phian,
Nuair a chluinim an Ghaeilic uilig á tréigbheáil
Agus caismirt Bhéarla i mbeol gach aon,
Bhullaigh is Jane ag glacadh léagsaí
Ar dhúichibh Éireann na n-órbhall caoin,
‘S nuair a labhraim scéala, sé an freagar ghéabhaim,
“Thou art a Papist, I know not thee.”
Clisim fhéin as an chodladh chéanna
Mar a dhéanfadh cladhaire a bheadh seal ‘na luí,
Ná mar Oisín faonlag a bhí ag taisteal Éireann
Tráth a cailleadh an Fhéinn mhaith i mórchath na maidhm,
In áit a bheith ar thaobh cnoic i bhFeadh na féile
Ag déanamh céilí is cónaí faoi aoibh,
Sé fuair mé an méid sin i nglasaibh daora
Agus Bhullaigh ag méiligh mar leon ar i bhfioch.