Bríd Thomáis Mhurcha

Téamaí

Bríd Thomáis Mhurcha

A Bhideach na gcarad tuig feasta nach súgradh é,
Ó thug mo chroí gean duit ar a mhalairt ná diúltaigh mé,
Má shíl tú mé a mhealladh le bladar deas ciúin do bhéil
Go dtug mo chroí gean duit seachas cailíní deasa an tsaoil.

A Bhríd Thomáis Mhurcha ó molaimse an barr leat fhéin
Ar fhinne, ar bhinne, ar dheiseacht ‘gus áille méin
Do chúilín deas triopallach a bhí fite ina thrilseán óir
Is an té a bheadh gan amharc go dtabharfadh sé soilse dhó.

Ó rachad go Gaillimh go gceannóidh mé gáirdín úll,
Agus loingeas ar farraige le haghaidh ‘ bheith ag déanamh spóirt.
Ar filliúint ó Shligeach agus leide beag a fháil den chóir,
Ní chónóinn faoi bhealach go mblaisfinn de phóg mo stór.

Má bhí mise folamh, dar m’fhocal ba mhór an scéal,
Is a liachtaí bean deas a thug taitneamh do ghlór mo bhéal.
Dhá mbeadh sé ag cur sheaca, a’ cur shneachta ins chuile cheard faoin spéir,
Ach tusa ‘ bheith i m’aice, ní aireoinnse buaireamh an tsaoil.

An tAonmhac Mhuire a chuir an cuileann thríd an bhféar ag fás,
Nach mise an trua Mhuire is mé ag cailliúint na ngéag le grá
Má bhíonn sé inár gcinniúint nach féidir linn a chéile a fháil,
Bí thusa in do choinneal is beidh mise i m’fhéileacán.