Bádóirín Thír an Fhia – Sean Nós na bhFear 2018

Amhránaí

Téamaí

Is tá pian i mbéal mo chléibh orm a chuireadh na céadta fear ‘un báis,
Is tá mé cinnte dearfa nach bhfuil mo leigheas le fáil
Sé an trua mé anois scarúint leat le linn na huaire breá,
Le linn don chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

‘S sé mo léan nár éag mé ‘gus mé go hóg i dtús mo shaoil,
Sul a deineadh cónra chaol dhom is mé a chuir go domhain i gcill,
Sul a bhfaca mé dhá bhréagadh é, ag bean eile le mo thaobh,
Agus mise a bheith dhá éagaoin is a Dhia glégeal, nch bhocht an chaoi.

An bhfuil bean ar bith san áit seo a mbeadh mo chás aici le mí
Nach mbeadh a croí dhá réabadh agus ceart mór aici faoi?
Mo bhádóirín a d’imigh uaim ar huair a dó nó trí,
‘S gan súil ar ais abhaile ‘am leis an fhaid is mhairfeas mé beo aríst.

Ara thug mé gean go tháilliúr, sea is dóigh liom gur dhó ba chóir,
Mo bhádóirín ba mheasa liom ar bhfaca mé ariamh fós,
Ach anois ó tá tú ag imeacht uaim is nach bhfillfidh tú go deo,
Is nach bhfuil súil le Rí na glóire agam go gcasfar liom thú fós.

Mo chomhairle dhíbhse, a chailíní, má thógann sibh uaim é
Gan a dhuil ag ól le ógfhir óg ná creisdiúint glór a mbéil
Mar geallfaidh siad go bpósadh siad sibh le comhrá milis binn
Agus éalóidh siad thar sáile uaibh mar bhádóirín Thír an Fhia.