Bádóirín Thír an Fhia – Sean Nós na mBan 2025

Téamaí

Bádóirín Thír an Fhia

‘S tá pian i mbéal mo chléibh orm a chuirfeadh na céadta fear chun báis,
Is dóigh a stór go gceapann tú gur saighead is searc é an grá,
Nach trua mé anois a bheith ag scaradh leat le linn na huaire breá,
Le linn don chuach a bheith ag seinm is gach duilliúr glas ag fás.

Is sé mo leán nár éag mé ‘s mé go hóg i dtús mo shaoil,
Go ndéanfaí cónra chláir dhom ‘s mé a chuir go domhain sa gcill,
Sula bhfaca mé dhá bhréagadh, ag bean eile le mo thaobh,
Is mise a bheith im aonar, a Dhia ghléigil, nárbh bhocht an tslí.

Agus thug mé gean do tháilliúir, ‘s dar liom ba é bhí cóir,
Mo bhádóirín ba mheasa liom dhá bhfaca mé go riamh fós,
Ach anois ó tá sé imithe uaim ‘s nach bhfillfidh sé go deo,
Tá súil le Rí na nGrásta ‘am go gcasfar liom é fós.

‘S an bhfuil bean ar bith san áit seo a bhfuil mo chás-sa aici le mín’,
Dhá mbeadh a croí dhá réabadh ‘gus ceart mhaith aici faoi?
Mo bhádóirín a d’imigh uaim ar uair a dó nó trí,
‘S gan súil ar ais abhaile ‘am leis chúns a mhairfeas mé beo aríst.

Agus comhairle dhíbhse, a chailíní, má thógann sibh uaim é,
Ná ligidh rún le aon fhear óg ‘s ná creid i nglór dhá béil,
Mar geallfaidh siad sibh a phósadh le bladar milis binn
Agus éalóidh siad thar sáile ar nós an bhádóirín Thír an Fhia.