Táilliúr a’Mhagadh

Táilliúr a’Mhagadh

‘Gus thíos ag an tobar ‘sea chuir mise an fáinne amú,
‘Sea a dhearc mise an ainnir ba deise is ba bhreáichte snua,
A grua trí lasadh ‘s a leicne mar bhláth na n-úll,
‘S má dhearc sí mise níor lig sí mo shláinte liom.

‘S dhá mbeadh fhios agam fhéin aréir go raibh tú le theacht,
Ó d’osclóinn an doras ‘s ligfinn thú féin isteach,
Chóireoinn do leaba ‘gus luífinn in éineacht leat,
‘Gus bhainfinn póg mhilis taobh amuigh de do bhéilín deas.

‘Gus a tháilliúir a’ mhagadh cé phósfaidh thú fhéin mar fhear,
Do chuid loirgní dóite is tú ag imeacht ó theach go teach
Cur síos ar na comharsain ‘s an té úd nach dtaitneodh leat,
‘S Mac Duach, ‘s Mac Dara is go ngreamaí do thóin don hob!

‘Gus a tháilliúir a’ mhagadh ní phósfaidh mé thú mar fhear,
Ach pósfaidh mé an fear úd a thógfaidh go hard mo theach,
‘S a d’éireos ar maidin ‘s a chraithfeas an síol i gceart,
‘S nach suífidh cois dorais ag feadaíl ná a’ ruaigeadh cearc.

Ó is an áit a mbíonn foscadh bíonn feochadáin ann is féar,
‘S bíonn ceol binn na meachain a’ baint meala de bharr na gcraobh,
‘Bíonn an bradán ag preabadh ‘s an breac geal ag snámh go réidh,
Ó is mo ghrá-sa faoi leath-trom ag fear eile le fáinne an lae.

Amhráin eile le Bríd Treasa Ní Ghaoithín