Amhrán na Trá Báine – Sean Nós na nBan 2023
Amhránaí
Amhrán na Trá Báine
‘S mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is nár dheas é an t-earrach fhéin;
Níl raibh caint ar obair bosannaí, ná ar rud ar bith mar é;
Ach seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí is a’ baint fhéir.
‘S ní raibh fear ar bith, dhá bhoichte, nach raibh feilm aige fhéin.
‘Gus faraor géar nár cailleadh mé, lá ar baisteadh mé go hóg,
Sular fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéal beo
Níl deartháir ‘s níl deirfiúir a’am ‘s níl mo mháithrín beo;
Is tá m’athair fhéin lag goilliúnach ‘s a Chríost, cén t-ionadh dhó.
‘S mo dhiomú do na curachaí, ‘s mo bheannacht do na báid;
Mo dhiomú-sa don fharraige atá thiar in san Trá Bháin
Siad a bhain mo cheathrar deartháir dhíom raibh an fheilm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é, ‘sé fhéin atá ina n-áit.
‘Gus báitheadh Pheait ‘gus Tom orm, is bhí caitheamh mór agam ina ndiaidh,
Mo dheartháir eile Máirtín bocht a báthadh fadó riamh
Is ea Micil Bán ba mheasa liom dhá bhfaca mé beo riamh
‘S mo dhiomú don toinn bháite sí a d’fhága mé ina ndiaidh.
‘S nach suarach an tslí ar chaill mé sibh, a deartháireacha mo chroí
Ag goil go Gaillimh i gcurachín ‘s dhá gcur ó mhaidhm go maidhm
Dhá bhfaighinnse sa mbaile agaibh, an geall a bhain mé sibh díom
‘S go deo ní chuirfear clár orthu nó go bhfaighinnse malairt saoir.
‘Gus go d’fhágadar an caladh amach ar maidin leis an lá.
Ó Dia linn agus Muire nach iad a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nár táinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an churach ar an trá.