An Sagairtín – Corn Uí Riada 2024
Amhránaí
Téamaí
An Sagairtín
Tiocfaidh an samhradh ‘gus fásfaidh an féar,
‘Gus tiocfaidh an duilliúr glas ar bharr na gcraobh,
Tiocfaidh mo rún searc le bánú an lae,
‘Gus casfaidh sí ceol binn le cumhaidh mo dhiaidh.
Tá an oíche seo dorcha ‘gus tá sí fuar,
’Gus tá sí ag goilliúint ar mo chroí go crua,
Mo stór a d’imigh uaim is nach bhfuil le fáil,
’Gus a bheas ag goilliúint orm nó go bhfaighidh mé bás.
Nach deas an sagairtín é stór mo chroí,
‘S nach beannaithe an pobal a dtéann sé thríd
Tá branda ó Mhuire aige ‘gus séala ó Chríost,
‘Gus tá sé’ triall ar na choláistí.
Ó éist, a chailín deas is ná caoin deoir,
Mar ní dhuitse a rugadh mé ná d’aon neach beo
Ach baistfidh mé do leanbh dhuit le cúnamh Dé,
‘S dhá mbeadh breith ar m’aiféal a’m, ba leat mé fhéin.
Ó chuaigh mé aréir ag an doras úd thall,
’Gus ghlaoigh mé i gcogar ar mo mhíle grá,
Séard dúirt a hathair liom nach raibh sí ann,
Mar go raibh sí imithe go Meirceá.
Dúirt a máthairín liom is í ag gol go hard
Go raibh sí curtha i gcónra chláir
A Dhia ‘s a Chríosta, nach mór an feall,
Bheith i ngrá le mnaoi ‘s gan í a’m le fáil.
Dhá mbeadh mo mháithrín ar nós bean tí,
Chóireodh sí leaba dhom i gceann an tí,
Bheadh cead agam imeacht is a theacht aríst,
’S a dhul ar cuairt ag stór mo chroí.
Sé an trua gan mise is mo mhuirnín bán
Ar bhord na loinge ag teacht anonn ,
An ghaoth bheith aneas is an taoille ag trá
‘S gan fhios ag aon neach go raibh muid ann.