Maidin Luan Cásca – Sean nós na mban 2014

Amhránaí

Maidin Luan Cásca – Sean nós na mban 2014

Maidin Luan Cásca tríd an mBlárnan soir
Mo chéad slán beo anois lem’ dhúthaigh,
Cá bhfios ná go mb’fhearr a bheadh a’ cás againn
Ná ag a lán a bheadh linn mar ghiúl air?
Ba mhinic mo lámh id’ bhán-chrobh ghil,
Is do shláinte i ndígh go ndiúgfainn,
Go bhfeicfead buan bláfar tú i gcáil ‘gus i gcion,
Cé gur fhágais anois go dubhach mé.

Is minic a deirim fhéin le créachta ‘gus le sult,
Go mbeadh a’ saol-sa againn go súgach,
I rúmannaibh ghaolmhara a’ déanamh féile i dtigh
Agus cead saor againn ón gciúin-fhear.
Do bheacha dhá n-aoireacht lá gréine amuigh,
‘Gus mé féin istigh i lionndubh,
Dá mairfinn le saol ní dhéanfainn san
Is go deimhin is tú mo rúnach.

Sé mo chreach agus mo chás
Nár tháinig liom scrí go mion le barr pinn,
Do chuirfinn-se síos díobh gníomhartha an fhir,
Is is domh-sa féin nár chás san.
Ba bhreá ar an inse é chun ríl nó jig,
Is ró bhreá a d’ imreodh báire,
Damhas bruinneall sa ríocht a chífeadh a chlis
Óna croí ná go dtabharfadh grá dhó.

An té a chífeadh an sár-fhear i lár a’ ghoirt,
‘S a chorrán ar a chuislinn phlúraigh,
Is bog agus is breá do ghearradh ucht
Is bheadh barr aige ón gcúigear.
Nó i ndiaidh a sheisreach lárach ba bhreá é a ghuth
Is ró bhreá do thiomáineadh chun siúil iad,
Nó istigh i dtigh a’ tábhairne a’ díol pláta ghil –
“Tuiseántar puins agus lionn dom!”

An té a chífeadh a’ t-óigfhear gleoite deas
Is a bhróigín smeartha néata,
A chasóg nua agus dar ndóin a bheist,
I gcóir is i gceart a bhéavar!
‘S mó cailín óg gleoite deas
Atá go breoite lag tar-théise
Dá mbeadh aici ór go leor agus ba,
Dob’ í rún agus searc do chléibh’ í.

Agus comhairle do luaim leat a bhuachaill ghasta
Cé gur thuairimíos don tráth ghoirt
Do hata leagaint anuas ó uachtar do mhalainn
Ar do gruanna geala bána.
Le heagla na mBéithe atá go tréan do dheascaibh
Is gur céasta an galar an grá-sa
B’é deireadh do ghaolta go léir mar mheasaim
Ná fhéasaís i gceart chun mná d’fháil.

Tá mo shúil-se go dian leis a’ dTiarna anois
‘Na dhiaidh so go mbeidh againn saol maith,
Cead fuinidh ‘gus riar go fial id’ chistin,
Is ‘na dhiaidh san do linbh á mbréagadh.
Do bha boga ar shliabh nó in íochtar coille,
A’ triall agus duine dá n-aoireacht,
Agus buillí troma dian ‘gan chiach ar do chuiginn,
Is cead riaraibh againn ón gcíléir.