Amhrán na Trá Báine – Sean Nós na nBan 2023

Amhrán na Trá Báine

Mo mhíle slán leat a Éirinn bhocht, is nár dheas  an t-earrach fhéin;
Níl raibh caint ar obair bosannaí, ná rud ar bith mar é;
Seal ag tarraingt fheamainne, cur fhataí is a’ baint fhéir.
‘S ní raibh fear ar bith, dhá bhoichte, nach raibh an feilm aige fhéin.

‘Gus a faraor géar nár cailleadh mé,  lá ar baisteadh mé go hóg,
Sular fágadh i mo chadhain aonraic mé gan feithide an bhéal beo
Níl a deartháir  ‘s níl deirfiúir a’am ‘gus níl mo mháithrín beo;
Is tá m’athair fhéin lag goilliúnach ‘s a Chríost, cén t-ionadh dhó.

‘S báitheadh Pheait ‘gus Tom orm, is bhí caitheamh mór agam ina ndiaidh,
Dia linn agus Muire  nach iad a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nuair dtáinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an churach ar an trá.

‘S mo dhiomú do na curachaí ‘s mo bheannacht do na báid;
‘S mo dhiomú-sa don fharraige atá thiar in san Trá Bháin
Siad a bhain mo cheathrar deartháir dhíom a raibh an fheilm acu ann.
Ach is cuma leis an gCeallach é mar sé fhéin atá ina n-áit.

‘S nach suarach an tslí ar chaill mé sibh a deartháireacha mo chroí
Iad ag goil go Gaillimh i gcurachín dhá gcur ó mhaidhm go maidhm
‘S dhá bhfaighinnse sa mbaile agaibh, an geall a bhain mé sibh díom
Go deo ní chuirfear clár orthu nó go bhfaighinnse malairt saoir.

‘S go d’fhágadar  an caladh amach ar maidin leis an lá.
Dia linn agus Muire nach iad a chuaigh sa ngábh;
Níl blas ar bith dár cheannaíodar nach dtáinig don Trá Bháin;
Tháinig na maidí ar an duirling ‘s an churach ar an trá.