Casadh an tSúgáin – Sean Nós na mBan 2023

Téamaí

Casadh an tSúgáin

‘Sé sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus caint
Ach luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Nó go n-athraíonn an chóir is go dtéann an ghaoth mhór ó thuaidh ‘gus ó dheas
Ach go deo deo is liomsa póg ó mo mhian.

‘Gus thíos i Sligeach sea chuir mé eolas ar na mná,
‘Gus thiar sa mbaile a d’ól mé leo mo sháith,
Ach de bhrí mo mhaide mara ligfidh siad dhomsa thar mar atá,
‘S go ndéanfaidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.

‘S cé’n cat mara a chas an bealach seo mé fhéin?
’S a liachtaí cailín deas ins an mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid, is ar bhruíon is ar rud nár shantaigh mé,
Ó sean bhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.

’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas mar a phógfaí a bhéal
‘S a cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a ruaigfí é
Is tá iníon na caillí, brataí, pósta ó inné
‘Gus mo ghrá-sa mbaile is gan duine aici a phógadh a béal.

‘S má bhíonn tú liom bí liom, a stóirín geal mo chroí,
‘S má bhíonn tú liom bí liom de ló ‘gus d’oíche,
‘S má bhíonn tú liom bí liom gach órlach de do chroí,
‘Sé mo lean nách liom Dé Domhnaigh tú mar mhnaoi.

‘S rinne mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an darna cleas ins an teach a bhí go dlúth lena thaobh,
Ach an tríú cleas, cén mhaith bheith ag fadú le mo scéal.
Chuir an tseanbhean amach mé a casadh an tsúgáinín féir.