Amhrán na Sméar – Sean Nós na bhFear 2023

Amhránaí

Téamaí

Amhrán na Sméar

Ins an aimsir aoibhinn aerach nuair a bhí mé féin i mo scafaire
Is mé le fonn is ag feadalaigh is ag buachailleacht na mbó,
Casadh cailín ceansa croíúil liom is í ag cruinniú sméara dubh
Is thit mé féin i ngrá – faraor! – i measc na coille cnó,
Maidin ’s tráthnóna nach mise a bhí go soineanta
Ag suirí leis mo stóirín a sciob ar siúl mo chroí,
Gur ruaigeadh gan réiteach faoi dheireadh as an mbaile mé
’S mé ag gabháil ag pósadh mo mhuirnín dílis ó.

Bím ag smaointiú ar na sméara ’s ar na héanacha sna crainn,
Bím ag smaointiú ar mo stóirín is ar a béilín blasta binn,
Nuair a labhair sí liom go dílis is gráfaidh mé mo stór,
Agus sinn i measc na sméara ins an aimsir aoibhinn ó.

Ins an aimsir aoibhinn aerach úd ba mise a bhí go soineanta
’S gan cailín óg sa pharáiste nach raibh liom féin i ngrá,
Ag suirí liom le síorghrá is ag caochadh orm go coitianta,
Ba mise croí na féile acu gach oíche agus lá.
Ach faoi dheireadh is faoi dheoidh, thit mé i ngrá le Peig Ní Dhochartaigh
Is cuireadh síos an cleamhnas go galánta i gcló,
Ach lá arna mhárach chomh cinnte is atá mé ag ceoltóireacht
D’imigh sí le saighdiúir uaim, mo mhuirnín dílis ó.

Bím ag smaointiú ar na sméara ’s ar na héanacha sna crainn,
Bím ag smaointiú ar mo stóirín is ar a béilín blasta binn,
Nuair a labhair sí liom go dílis is gráfaidh mé mo stór,
Agus sinn i measc na sméara ins an aimsir aoibhinn ó

Arsa mise lá go rógánta le baintreach mór na Binne Buí,
‘Is olc an dóigh atá ort i do chónaí ansin mar atá,
Nuair ba chóir dhuit a bheith pósta ar scafaire den chineál ceart
Is más fear atá ag teastáil uait, níl ort ach é a rá.’
Thug sí ruathar is rása go feargach isteach ’un an tí
Is cár ar a haghaidh a shárófadh an domhan
Ba ghearr ná gur fill sí is citeal uisce bruite léi
Is hóbair di mo scaladh, mo mhuirnín dílis ó.

Bím ag smaointiú ar na sméara ’s ar na héanacha sna crainn,
Bím ag smaointiú ar mo stóirín is ar a béilín blasta binn,
Nuair a labhair sí liom go dílis is gráfaidh mé mo stór,
Agus sinn i measc na sméara ins an Fhómhair aoibhinn ó