Úr Chnoc Chéin Mhic Cháinte – Sean Nós na bhFear 2023

Amhránaí

Téamaí

Úr Chnoc Chéin Mhic Cháinte

A phlúr na maighdean is úire gné,
Thug clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarlaí, a rún na héigse,
A dhúblaíos féile is fáilte;
A ghnúis mar ghréin i dtús gach lae ghil,
A mhúchfadh léan ‘s le gáire,
Is é mo chumhaidh gan mé is tú, a shiúr, linn féin
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.

Táim brúite i bpéin gan suan, gan néal
De do chumha, a ghéag is áille,
Is gur tú mo rogha i gCúigibh Éireann,
Cúis nach séanaim ás de;
Dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin
Ba shúgach saor mo shláinte,
Gheobhair plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.

A shuaircbhean shéimh na gcuachfholt péarlach,
Gluais liom féin ar ball beag,
Tráth ‘s buailte cléir is tuataí féin,
‘Na suan faoi éadaí bána.
Ó thuaidh go mbéam ‘bhfad uatha araon,
Teacht nuachruth gréine amárach,
Gan ghuais le chéile in uaigneas aerach
San dún sin Chéin Mhic Cáinte.

Cluinfir uaill na ngadhar ar luas i ndéidh
Bhriain luaimnigh bearnaigh mhásaigh
Is fuaim guth béilbhinn cuach is smaolach
Suairc ar ghéaga in altaibh;
I bhfuarlinn shéimh beidh slua-bhuíon éisc
Ag ruagadh a chéile ar snámh ann,
Is an cuan go léir dhuit uait i gcéin
Ó nua-chnoc Chéin mhic Cáinte.