Thíos i dTeach an Torraimh – Sean Nós na mBan 2016

Amhránaí

Thíos i dTeach an Torraimh

Thíos i dteach a’ tórraimh fuair mé eolas ar mo chailín donn,
Bhí a grua mar na rósaí ‘s bhí a béilín mar siúcra donn,
Bhí mil ar bharr na gcraobh ann, agus céir bheach ag bhun na gcrann,
Bhí éisc na finne ag léimnigh le pléisiúr mar bhí sí ann.

Ó bhí mé lá go ceolmhar, ar mo sheol agus mé i gceann an tí,
Ag síor ghabháil don cheol, ‘s ag cur na mbréag in iúl do mhian mo chroí,
Ní chreidfeadh sí mo ghlórthaí, nó gur shíl sí gur dá mealladh a bhínn,
Ach tá mé óg go leor i gcónaí, is ní phósfaidh mé ach mian mo chroí.

Is binn ‘gus is ceolmhar, a labhras gach éan i dtom,
Is deas an uile shórt ann, ‘gus is ródheas mo chailín donn.
Is aici fuair mise eolas, ar mhórán ‘s ar thuilleadh grinn,
‘S nár dheas an rud sú na heorna, bheith le hól agus í ag teannadh liom.

Ó bhí mé lá go ceolmhar, i ngleanntáin is mé ag seoladh bó,
Tharla orm an ógmhnaoi, is í cóirithe in san éideadh cóir,
Bhí hata os cionn a clóca agus búclaí ina bróga thíos,
Ó ba chosúil le mo stóirín í, réalt eolais a bhí gabháil romham sa tslí.

Ar m’éirí domhsa Dé Céadaoin, dar liomsa go raibh an mhaidin fuar,
Bhreathnaigh mé uaim a stóirín ar an léana agus í i bhfad uaim,
Dhruid mé le mo chéile, mar i ndúil agus go rachainnse chun suain,
Ó a Dhia, nár dheas an féirín í an ógmhnaoi a d’imigh uaim.

Mallachtaí na hAoine, ar an té údaí a bhain díom mo stór,
Nach ligfeadh ina gaobhair mé lá saoire nó go moch Dé Luain,
Dá mbeadh sé a cur agus ag déanamh díle, is ag síorchur den sneachta ó thuaidh,
‘S a Dhia, dá bhfaighinn-se síneadh léi, bheinn chomh haoibhinn leis an eala ar cuan.

Bhí mé lá breá Samhraidh is mé ag labhdairneacht go mór le mnaoi
Fá bhruach na coille cluanaí is gan rún agamsa pilleadh choích’
Más den chinniúint cluanaí do lua liom ‘s gan d’fháil mar mhnaoi
Seo beannacht na Rí go buan duit ‘s bí ar cuairt agam gach áit a mbím.