Sliabh Liag – Sean Nós na bhFear 2025
Amhránaí
Sliabh Liag
Sliabh Liag mór álainn a mbíonn féar fada ag fás air,
’S mil bhuí ag goil le fána ar an Mhám mar bheadh an drúcht,
A bhfuil buaidh cnoic dá bhreáichte aige go fíormhullaigh Teamhrach,
Go Néifinn Mhic Amhlaidh go hAontroim is go Bóinn;
Bídh pléisiúr ar aontaí ann, coillte a mbíonn aoibhneas ann,
Is caolbhárca síóg tráth a théid siad faoi sheol,
Bídh cóistí na bprionsaí ar bhóithre dá n-ionsaí
Bídh mórchuid den im ann ’s is milis bainne bó.
Is ag sáil Chnocán Áine bhí cúirt gheal is parlús,
Aol-bhallaí bána is taipléis ’na suí,
Is go mór-bhruínte an tsléibhe a ghluaiseas na céadta,
’Un féasta is ‘un bainse a léithéid as gach tír;
Bídh slua de mhná Gréagach’ dualach dea-éadaí,
Is cláirseach ar théadaí a mbréagadh agus píob,
Sé ba bhinne liom an chuach ‘s í ag seinm ar an uaigneas,
I mbarr toime luachra nó in uachtar Fhor Aoidh.
Ó Dubhda agus Ó Máille is an Búrcach a bfhearr ann,
A ndúiche ‘gus a státa gach lá faoina súil,
’S níl long dá dtéid thar sáile nach anall air a tharlaíos,
Faoi bhruach na tonna báiteach is an bád faoina stiúir;
Bí gleo na péistí móra ann cabhlach ’na ndeoidh ann
Ó cheantar Ros Eoghain ann go Bord Dhroim na nÚgh,
Is fionntrá a mbíonn báirí ann thart timpeall go Málainn,
’S nach iomaí amharc álainn a gheibh Áine as a dún.
Dochartach na féile a chúirt is a hallaí gléigeal’,
’S a chompal dá réir sin go taobh Mhín na bhFiann,
Is biolrach seamrach féar glas bun is barr Chró Shléibhe,
Bí duilliúr glas na féithle ann is géimneach na lao;
Broic is toirc is traona, fiach na mbeann is an chéirseach,
Ag iomas is ag éad ann cá dtéid siad a luí,
’S le moch na maidne ag éirí bídh cú is gadhar a n-iarraidh,
Is buafaill bhinne a séideadh fríd uachtar Fhor Aoidh.