An Draighneán Donn
Amhránaí
Téamaí
An Draighneán Donn
Má thig tú choíche a ghrá mo iarraidh tar go cúl a’tí
Tar san oíche nó go luath ar maidin nuair a bhíos an drúcht ‘na luí
Nuair nach labhraím bím a’ smaointiú go mór fa mo chroí
‘S gur tú mo chéadsearc a ghrá is ní féidir mo chumhaidh a chur díom.
Síleann gach óigbhean gur leofa fhéin mé nuair ólaim leann
Ar shuí síos dom bím ag smaointiú ar a gcomhrá liom,
Com is míne pá dó ná’n síoda atá ar Shliabh Uí Fhloinn,
‘S go bhfuil mo ghrása mar bhláth na n-áirní ar a’ Droighneán Donn.
Bean gan chéill mé a bheadh ag dréim leis, an chlaí a bheadh ard
Is claí beag íseal lena thaobh sin is air a leagfainn mo láimh
Cé gur ard an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
Fásfaidh sméara ‘gus bláth sú craobh ar a’ chrann is ísle bláth.
Chan bean ribín ná bean buclaí a dh’oirfeas domh
Ach an gearrchaile ghruama sí a bhí dána dubh
Máire dheas na nCuirtín is nár dheas mar phógfainn a béal.
Tá mé buartha fá mo mhuirnín is ní náir liom é.
Fuair mé féirín lá aonaigh, ó bhuachaill deas
‘S féirín eile arís ‘na dhiaidh sin, ó lúth na bhfear
Cuirim lá léinn don té a déarfadh nach tú mo shearc
‘S gur lucht na mbréag agus lucht na scéaltaí a d’fhág mo dhíobháil ort.