Cois Abhainn na Séad

Cois Abhainn na Séad

Cois abhann na séad ar uair ghil a’ lae,
‘S mé ag imeacht fé dhéin mo shláinte,
Mar a mbídís caora ‘s cnó buí ar ghéagaibh
Is mil beach ‘na shlaod ar bhánta.
Is do labhradar na h-éin, do lasadar na spéartha,
Bhí an fharraige ina caor luisne lán suas,
Is do mhúscail an ghrian a bhí le sealad mór fé chiach
Agus d’éirigh an t-iasc ‘na lán rith.

Ansúd ar dtús ar imeallaibh ciumhaise coille chumhra do tharla
An fhinne-bhean fhionn gur bhinne liom a tiúin
Ná an fhidil, an fliúit ná an cláirseach.
Ba bhreá deas a súil, a mala caol cumtha,
Is a leaca bhí mar chúr na trá amuigh
Ba ghile í ar a píb ná an eala ar an linn
Agus líon mo chroí le grá di.

Is nuair a dhearcas í ansiúd mar a bhí
An ainnir ba chaoine ‘s ba bhreátha,
Go raibh scáil na gcaor ‘na leacain réidh
Agus fátha do bhí ‘na gáire.
Is ó bhaitheas go bonn, bhí a ciabh léi go trom
Is a cúl buí go casta fáinneach.
Is go rabhas féin i bpian le tuille ‘gus dhá bhliain
Is ná coinnigh i bpian níos mó mé.

Sé mo chreach agus mo chás gan mise ‘gus mo ghrá
Ina leabaigh go lá inár n-aonair
Go ciúin agus go tláth roimh Aifrinn a rá
Is gan cead ag ár namhaid teacht taobh linn
Is a shuairc bhruinneall bhreá na leabhar-chrobh ab áille
Nó d’fhág tú mo intinn buartha
Is go ró fhuar go mb’fhearr le mo chroí istigh tú fháilt
Ná an ríocht is é ina dháil mar dualgas.