Peigín Mistéal – Corn Uí Riada 2023

Téamaí

Peigín Mistéal

Is b’aite liom bean a d’imreodh cleas is nach gclisfeadh ar a ghrá
A shiúlfadh isteach le gean ar fhear is nach seasfadh leis sa tsráid
Do bhéilín deas is milse blas ná mil na mbeach faoi Cháisc
Do chúl trom tais a bhí fáinneach glas – sí Peigín atá mé a rá.

Is míne a dreach ná clúmhach mín geal , ‘s ná cúr na toinne ag tráú
A chroí breá glas den fhás, nár mheath mar a éirionns duilliúr is bláth,
Sula  dtéim i bhfeart tá m’intinn leatsa a Pheigín a mhíle grá
Sé mo léan is mo chreach gan  thú is mé leat ar chóstaí Mheiriceá.

A stór mo chroí ná tréig do mhian ach breathnaigh isteach sa gcás
Nuair a thiocfas an tslí beidh ól ar fhíon is ní baol dhúinn choíche bás
A bhláth na gcraobh nár chrua an scéal mara tú atá dhomsa in ndán
Is ar uaisle an tsaoil dhá mbeinn i mo rí nach leatsa a chraithfinn láimh.

Dhá bhfaighinnse caoi nó áit le suí ní stopfainn bliain ná ráithe
Nó go scríobhfainn síos le peann deas caol do chuma agus do cháil
Mar nár rugadh ariamh aon bhean sa tír a bhéarfadh uaitse an barr
Ó scriosadh an Traoi mar gheall ar mhnaoi is ó cuireadh Deirdre chun báis.

Tá lonradh an óir i bhfolt mo stór is é ag fás go fáinneach, fionn
Go béal a bróige chomh glas le deoir  is é a bheith fite os a cionn
A bhláth na n-úll is breáichte snua ná duilliúr bharr na gcrann
Faigh réidh Dé Luain nó , go téimid chun chun siúil is féach mara  bhfuil sé i ndán

Tá breáichte is gile, fuil is cuisle is lasadh deas dá réir
I mbláth na finne, is cruinne  is glaise súil is leagan béil
Ní bréag ar bith na scéalta amuigh nach fear mé atá gan chéill
Le bliain inniu is gan aon lá suilt is mé beith ag smaoineamh ar bhláth na gcraobh

Mo ghrá faoi dhó na mná go deo cé gur fhág siad mise tinn
Ag déanamh bróin faoi luach an óil , is de dhíobháil é a bheith cruinn
B’fhearr liomsa póg ó Pheigín ar ndóigh  is í a bheith in uaigneas liom
Ná saibhreas Sheoirse, cé gur mór é a leath, dhá mbeadh sé uilig cruinn.

Is b’ait liom dórtadh a fháil ar phórtar is cannaí lán de leann
Puins ar bord is gloiní i gcóir dhá mbeadh mo phócaí teann
Mo ghrá is mo stór a bheith os mo chomhair ag caint is ag comhrá liom
Is léi a d’ólfainn luach na mbróg dhá mbeadh mo chuntas cruinn