Amhrán Pheaid Buí

Amhránaí

Téamaí

Amhrán Pheaid Buí

Níl mo shláinte ar fónamh ó scaras leis an ól so,
Ach casachtach agus ceo agus achrann mór im’ chroí.
‘S gurb é deirid na mnáibh óga  gur chúngaigh suas mo scórnaigh,
Is ná seinnfinn port ná ceol dóibh go rinncfidís dhom ríl.
Ach éirigh-se go ró-mhoch, is cuir-se dhíot do bhóthar,
Is ná h-inis cuid ded ghnó dá maireann beo ded’ bhuíon.
Beidh an corc sa tiarsa romhat ann, na gloiní líonta ar bord ann.
Is dá gcuirfí fút a’ córda go gcaithfeá briseadh tríd.

Agus cuirse uait na feánna gus éirigh go dtí an bráthair,
Tógfaidh sé ar láimh thú is stopfaidh sé thú ar ól.
Tabharfaidh sé dhuit c’ráiste chun scarúint leis an áirseoir,
Mar is minic leat é páirteach nó in éineacht leat sa ród.
Tá’n tú anois id stráille, níl ór agat ná pláta,
Níl bean agat ná páiste ach do phíobaí lán de cheo,
Agus tiocfaidh an bás ort i lúib a’ chlaí nó i mbearnain,
Is beidh t’anam-sa go bráth in Ifreann dá dhó.

Tá mo chroí chomh dubh le h-airne nó le gual a buailfí i gceártain,
Ó d’airíos iad á rá go raibh Ifreann im’ chóir.
An sagart is an bráthair, an t-Easpag is an Pápa,
Ní thógfaidís mo pháirt muna leanfainn-se den ól.
Ach an landlady b’í a chráigh mé nuair a thug sí ‘n leabhar im’ láthair
Go n-ólfainn féin a sláinte ‘s go suífinn síos go fóill.
D’fhanas ar a’ stáid sin go dtí maidin lá ‘r na mháireach,
Is mo mheidilí ‘s mo chártaí d’fhágas fén mbord.

Stadfad feasta ’em dhántaibh, ní mian liom a thuilleadh a rá acu.
Go bhfuil Clanna Gael gan fálthas ‘s gurb amhail bheidh go fóill.
Táid amuigh fé’n mbáistigh ag grafadh ‘gus a’ tárlamh,
Is sagairt agus bráithre reamhar – choirp ag feoil.
Dá n-oirfeadh ola an bháis duit, ní chuirfí é ort láithreach,
Gan airgead nó pláta nó braonacha le n-ól.
Ifreann ‘tá lán díobh ‘dir shagairt agus bráithre,
Is lucht meidlí ‘gus cártaí go h-ard os a gcomhair.

Amhráin eile le Eoin Warner