Bruach na Carra Léith – Corn Uí Riada 2022

Amhránaí

Téamaí

Bruach na Carra Léith

Is chuala mé ag dul tharam é, go bhfuil mo chleamhnas réidh.
Ag Búrcach as Cluain Dhorcha, is dár ndóigh ní maith liom é.
Ach grá mo chroí ó thaobh go taobh, is ná déan ach fan agam péin
Mar níl aige ach siopaí folamh ar Bhruach na Carra Léith

Is chonaic mé ag siúl na sráide í, is b’áille í ná an ghrian
S’é an trua nach raibh tú an lá úd ann, is tú do scáile is tú I bhfad uaim
Dá mbeifeá istigh i bpáirc agam, nó i bPálás gheal an Rí
S’nach sa gclúid a mbeadh mo ghrá s’é bhfearr liom a bheith mo shuí

Is éirigh is cur fáil ar na gamhna a d’ith an féar,
Is má théann na ba sa bhfásach nach náireach é do scéal
Tá crann amuigh sa ngairdín ar a bhfásann ar a sú craobh
Is má baintear barr an bhláth dhe, ní fhásfaidh sé go héag

Is go dtagann tuille bháite ar na gamhna, a d’ith an féar.
Is chuile ghalra báis orthu, s’a gcuid máithreacha dá réir.
Ó sin is chuile chlampar ar stóirín geal mo chléibh,
An rud a d’éitigh sí nár bhfaigh sí fear sásta mar mé féin.

Is tá triúr ban óg ar an mbaile seo le bliain agus trí ráithe.
Tá ba is caoirigh ag cuid acu, is airgead go leor.
Ach an bhean is deise ar fad acu, níl a blas aici le fáil.
Is Dia linn agus is Muire cá leagfaidh mé mo láimh.