Casadh an tSúgáin – Sean Nós na bhFear 2019
Amhránaí
Téamaí
Casadh an tSúgáin
Is thíos i Sligeach sea chuir mise eolas ar na mná,
‘Gus thiar sa mbaile d’ól mé leo luach mo sháith,
Ar bhrí mo mhaide is mura stopadh sibhse feasta amhlaidh seal mar atá,
Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná.
’Gus d’imir mise cleas Tigh Mhac Uí Dhomhnaill aréir,
’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh,
An tríú cleas, cén mhaith dhomsa ghoil i bhfad eile scéil?
Chuir an tseanbhean amach mé le casadh an tsúgáinín fhéir.
Ach cé’n cat mara a chas isteach in san áit seo mé?
’S liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhága mé i mo dhiaidh?
Mar gheall ar throid is ar bhruíon is rud nár shantaigh é,
Muise sean bhó breac ’gus óinseach caillí a bhí gan chéill.
‘Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain i gcré,
Is sheolfainnse gamhain san áit is airde a b’fhásadh féar,
Chuirfinn crú ar an each ba lúfaire, ba corraithe ba airde a chaithfeadh léim,
’S nach n-éalódh bean le fear nach ndéanfadh an méid sin fhéin?
‘S tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá,
Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúithi ar chlár,
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, tapaidh ná go hard,
Gur chuir mé cois lena cois nó gur bhogamar an súistín bog bán.
’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas mar a phógfaí a bhéal?
’Gus an cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a ruaigfí é?
Tá iníon na caillí piocaithe, gliobaithe, cataithe, ‘s pósta ó aréir,
’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal.
‘Sé sú an ghráinne eorna a tharraingíonn clampar, gleo ‘gus raic
Is luach an óil go deo ní bhfaigh muid ar ais
Nó go n-athraíonn an chóir is go séidfidh an ghaoth mhór ó thuaidh agus ó dheas
Ach go deo na ndeor is liomsa póg ó mo mhian.
’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán a’ tí,
’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche,
’S má bhíonn tú liom, bí liom is gur liom gach orlach go do chroí,
’Sé mo thruaigh le fonn ’s nach liom Dé Domhnaigh ‘s thú mar mhnaoi.