An Droighneán Donn – Sean Nós

Amhránaí

An Droighneán Donn

Síleann céad bean gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
Théid dhá dtrian síos dom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom,
Sneachta séidte is é síor-chur ar Shliabh Uí Fhloinn,
‘S tá mo ghrá-sa mar bhláth na n-airne ar a’ Droighneán Donn.

Fear gan chéill a bheadh ag dréim leis an chrann atá ard
Ach an crann beag íseal lena thaobh sin ar a leagfadh sé a lámh
Cé gur ard é an crann caorthainn bíonn sé searbh as a bharr
Is fásfaidh sméara is bláth sú craoibhe ar a’ crann is ísle bláth.

Ní bean buclaí ná bean ribín a d’tabhartha domh
Ach ghearrchaille gruama a bhí dána dubh
Mairéad na Guirnín a phógadh mo bhéal.
Is tú mo chéad searc is ní féidir mo chumha a chloí.

Má thig tú choíche tar san oíche go cúl a’ tí
Tráthnóna nó go moch ar maidin is an drúcht ina luí
Cé nach labhraím bím ag meabhrú go mór fá mo chroí
‘S tá mé buartha fá mo mhuirnín is ní náire liom é.