An Draighneán Donn – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
An Draighneán Donn
Ó is síleann céad bean gur leo fhéin mé nuair a ólaim leann
Téann dhá dtrian síos díom nuair a smaoiním ar a gcomhrá liom;
Sneachta séidte agus é á shíorchur ar Shliabh Uí Fhloinn
Is go bhfuil mo ghrása mar bhláth na n-airní ar an Draighneán Donn.
Agus fuair mé féirín lá aonaigh ó bhuachaill deas
Agus céad póg an lá ina dhiaidh sin ó phlúr na bhfear
Lá léan ar an té a déarfadh nach tú mo ghean
Agus ina dhiaidh sin, nach deas mar a d’éalóinn faoi na coillte leat.
Dá mbeinn i mo bhádóir, nár dheas mar a sheolfainn an fharraige anonn.
‘S dá mbeinn i m’fhaoileán nach deas d’éireoinn ar bharr na dtonn
Bheinnse ag éalú le mo chéadsearc is á fáisceadh liom
Is an lá nach bhféadfann mé bean a bhréagadh, níl an báire liom.
Is nach fear gan chéill a ghabhfadh a’ dréim leis an gclaí a bheadh ard
Nuair a bheadh claí beag íseal lena thaobh sin le go leagfadh sé air a lámh
Cé gur ard é an crann caorthainn ‘gus bíonn sé searbh as a bharr
‘Gus fásann sméara agus bláth sú craobh ar an gcrann is ísle bláth.