Carraig Aonair – Sean Nós na bhFear 2013

Amhránaí

Ó Luan dubh an áir tháinig suaimhneas róbhreá
Is do ghluaiseadar uaimse leath-uairín roimh lá
Ag iascaireacht i mbád, i gcontúirt a mbáthadh
‘S beidh iarsma na bliana úd ina ndiaidh go bhfaighead bás.

‘Sé Dónal mo mhaoin an té ab óige dem chlainn,
Agus coicís ón lá san a tháinig sé i dtír
Gan tapa gan bhrí, gan anam ‘na chroí
Ach a ghéaga bhoga geala is iad leata ar a dtoinn.

‘Sé Cormac mo stór, ‘sé rí na bhfear n-óg
A bhí modhúil maiseach múinte géarchumtha go leor.
Do scríobh sé ar a’ gcóir leis an mbúcla ‘ bhí ina bhróig
Is gurbh í Carraig Aonair is céile go deo.

Tá duine eile dom chlainn nár thráchtas air puinn
Finín mo chúngracht, ceann cothaithe an tí,
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fideoga dubh an tsléibhe ‘gus bhréag an chearc fraoigh.

A iníon óg mo chroí, ná goilse is ná caoin
Mar gheobhaidh tú togha an óigfhir a dhéanfaidh rómhar duit is crích
Is ní bhfaigheadsa mo mhian, ná mo thriúr d’fhearaibh groí??
Ná mo cheathrar bhreá mheidhreach de lúbairí groí.

’Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
Ar mo cheathrar bhreá broinngheal tá fé shruthaibh na dtonn.
Is dá bhfaighinnse mo thriúr, ’tá go doimhin ins an úir,
Is ró-bhreá do shínfinn is do chaoinfinn iad siúd.

Is a chlann óg mo chroí, nó an cuimhin libh mar a bhí?
Bhur n-athairín bocht féinig ag géarghol is ag caoi
‘Na chuaille throm críonna i gcúil fuar an tí
Is bhur ndlúthchairde féinig ag cásamh mar a bhím.

Nuair a théim ar an gclaí, nuair a fhéachaim uaim síos,
Nuair a chím Carraig Aonair, sea phléascann mo chroí.
Is ar ais dhom arís go mullach mo thí,
Ós is í Carraig Aonair is céile dom chlainn.