Píopa Ainde Mhóir – Sean Nós na BhFear 2022

Téamaí

Píopa Ainde Mhóir

Agus do bhí mé oíche thiar i dTír a’ Fhia is mé ag tíocht ó cheol,
Chruinnigh an ceo i mo thimpeall ‘s níor léir dom aon tsórt,
Thabharfainn lán an Bhíobla gur tornóg a bhí ar an gcaolach
Leis an deatach a bhí os mo chionnsa ag píopa Ainde Mhóir!

Mo bheannachtsa le gaoth agat síos, a Ainde Mhóir,
Do mhac go dtige in inmhe ‘gus lao go raibh ag do bhó,
Mar is tusa rinne an píopa ba fairsinge a bhí sa tír seo
Is ní chaithfear ráithe an gheimhridh nó go ndéanfaidh mé dhi spóirt!

Agus do bhí mé lá ar aonach i gCill Bhríde is mé ag ól,
Bhí comhluadar deas ‘mo thimpeall ‘s riar mhaith  ceoil,
Tháinig fear  istigh as Muighinis ann ‘gus an stil mór acu i líonta
Nuair a d’fhiafraigh an tseanbhean aosta  b’shin é píopa Ainde Mhóir?’

Muise siúd í an bhean a líon é is ní le tuí é ná broimh,
Chuir sí naoi bpunt síos ann ‘gus píosa den duilleog,
Cailleachaí na tíre ó chruinnidís  ‘na thimpeall
Go gcaithidís ar fad fuílleach de phíopa Ainde Mhóir!