Tá na Páipéir dhá Saighneáil

Amhránaí

Tá na páipéir dhá saighneáil is tá na saighdiúir ag goil anonn.
‘S tá an drumadóirín aoibhinn aerach Clanna Gael ag goil go tír na long
Dá mbeadh a’msa is dhuitse a bhéarfainn céad is dhá mhíle bó,
Ar chuntar tú a bheith i d’fhéirín liom go Contae Mhaigh Eo.

Is ar m’éirí dhom ar maidin sí m’osna a bhíonn mór.
Is ar mo luí dhom ar mo leaba sí mo phaidir mo dheoir.
‘S tá gruaig mo chinn ag titim is ag imeacht mar an gceo,
’S le cumha i do dhiaidh, a mhíle stóirín, ní bheidh mé i bhfad beo.

Is nuair a éirím amach go huaigneach is nuair breathnaím ar an gcnoc úd thall
Bím ag smaoiniú ar do chúilín dualach a d’fhág an chrua-arraing thríd mo lár.
Tá mo chroí istigh ina leaca gualdubh is fear mo thrua níl ach Rí na nGrást,
Is cibé cailín deas a bhéarfas uaim thú go síntear suas í i gcónra chláir.

‘S tá mo stocaí is mo bhróga órá stróicthe liom síos
‘S tá mo nua chulaith phósta mo bhrón mór fós le sníomh.
‘S tá gine i dteach an óil orm is níor ól mé riamh braon,
Ach mo léan géar, a mhíle stóirín, gan mé ’s tú óg seal arís.

‘S nach aoibhinn do na héiníní a éiríonn go hard,
‘S a bhíonn ag ceiliúradh lena chéile ar aon chraoibhín amháin.
Ach ní mar sin dhom fhéin é ná mo chéad míle grá,
Is fada fánach óna chéile a bhíonn ár n-éirí gach lá.