Ceaite an Chúil Chraobhaigh

Ceaite an Chúil Chraobhaigh

‘Gus a Cheaite an chúil chraobhaigh, cén taobh dhíomsa a mbíonn tú?
Nó ar phós tú ariamh ar aon chor nó ar gan céile a bhéas choíchin?
Níor phós mise ariamh ar aon chor is mo thaobh deas níor shíneas,
‘Gus cá bhfuil an fear in Éirinn a bheadh de m’éileamh ar an gcaoi sin.

‘Gus cheal nach n-aithníonn tú fhéin mé, a ghrá glégeal mo chroí thú,
‘S mise Ceaite an chúil chraobhaigh a thug grá dhuitse choíchin,
Ní tú stór ná ar aon chor, is níl aon cheo de do ghnaí ann,
Is gur mar sin d’fhág in éag mé i mo gha gréine ar thaobh gaoithe.

‘Gus is faraor crua cráite nach é an bás a gheall Dia dhom,
Nuair a chonaic mé do dhá láimhín dhá gcasadh san éadach,
Is tú ag goil i gcónra na gceithre gclár is na tairní ina héadan,
‘S bhí mise ag ól do shláinte is tú os cionn cláir i nDún Éideann.

Is tabhair mo mhallacht go do mháithrín is go deo deo do d’athair,
Is ag a maireann do do ghaolta beo in Éirinn dhá seasann,
Nár thug cead dhúinn a chéile a phósadh sul má tarraingíodh i gcaint muid,
Is ní bheadh bainis do phósta ar do thórramh dhá caitheamh.

‘S nuair a shíleanns mo mhuintir go mbímse ar mo leaba
Is ag do thuamba a bhímse sínte ó oíche go maidin,
Ag osnaíl is ag déanamh buairimh, is ochón ó, nach deacair,
I ndiaidh mo chailín deas uasal a bhíodh á lua liom is í ina leanbh.

Is nach mise an cadhain aonraic ar thaobh Chnoc na Coille,
Mar a bheadh Oisín i ndiaidh na Féinne is mo taobh clé dhá sparradh,
Ach, a Cheaite an chúil chraobhaigh, ‘gus a Cheaite mo chroí thú,
Dhá bhfaighinnse greim dhá láimh ort, ‘gus ní scarfainnse choíchin leat.