An tSeanbhean Bhocht

An tSeanbhean Bhocht

“Tá na Francaigh teacht thar sáile”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“Tá na Francaigh teacht thar sáile,”
Arsa an tsean bhean bhocht.
“Táid ag teacht le soilse ré,
‘S beid anseo le fáinne an lae,
‘S beidh ár namhaid go cráite tréith,”
Arsa an tsean bhean bhocht.

“Is cá mbeidh cruinniú na Féinne?”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“Cá mbeidh cruinniú na Féinne?”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“Thíos ar bhántaibh leathan réidh,
Cois Chill Dara ghrámhar shéimh,
Pící glana ‘s claimhte faobhair,”
Arsa an tseanbhean bhocht.

“Is cén dath a bheidh in airde”
Arsa an tseanbhean bhocht
“Cad é an dath a bheidh in airde”
Arsa an tseanbhean bhocht.
Is ar bhrat uaine bhuacach ard
Gaoth dá scuabadh in uachtar barr
Is faobhar an óinseach duais le fáil ann
Arsa an tseanbhean bhocht.

“Is a bhfaighimid fós ár saoirse?”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“An bhfaighimid fós ár saoirse?”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“Beimid saor idir bhun is craobh,
Beimid saor ó thaobh go taobh,
Saor go deo le cabhair na naomh!”
Arsa an tseanbhean bhocht.

Tá na Francaigh teacht thar sáile”
Arsa an tseanbhean bhocht.
“Tá na Francaigh teacht thar sáile,”
Arsa an tsean bhean bhocht.
“Táid ag teacht le soilse ré,
‘S beid anseo le fáinne an lae,
‘S beidh ár namhaid go cráite tréith,”
Arsa an tsean bhean bhocht.

Amhráin eile le Meabh Ní Bheaglaoich