Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Téamaí
Amhrán Shéamuis Uí Chonchubhair
Is dhá bhfaighinnse culaith éadaigh a mbeadh ór ag sileadh léithe
Ar shon dán a dhéanamh do thaobh Chlainne Gall
‘s ní thiocfaidh sé in mo thréartha sliocht Liútair a mholadh ar aon chor
A d’iompaigh láimh an chleithe ‘gus a thréig Mac na nGrást
‘S nárbh fhearr an charaid dhomsa tráth m’anam bocht a scrúdú
Ar chragaire don dúiche ar chuntar dá bhfaighinn
Mo chreideamh fhéin a phlúchadh mar a dhéanfadh mada dúchais
Is nach mise a bheadh go cúthal tráth cuntas a thabhairt ann.
Níor rugadh ‘gus ní bhéarfar do shagart ná do chléireach
An té a bhfuil fios mo thréartha aige an tAon Fhear seo amháin
‘S nach bhfuil cluiche ar bith dá thréine nár imríos uair is céad ann
Is mo chíos ina dtráth do ghlaoitear go cinnte bím gearr
An tríú peaca a léitear ó go doimhin i mo chlaonta
Dhá mbeinn chomh fada sléachta is bhí Éabh ‘gus Ábh
‘S mara ndéanfaidh onóir Dé dhil a mhaitheanas uaidh fhéin dhom
Is é sin an cás nach féidir a réiteach go brách.
Is a chomrádaí ná sílidh gur ar nós an chine daonna
A síolraíodh an Leanbh Íosa fuair aoibhneas na ngrást.
Is gur chaith an tAthair Naofa de bhlianta cheithre mhíle
I ndiaidh soitheach glan a dhéanfadh é chaoithiúint trí ráithe
Is í Máire an bhean nár smaoinigh ar pheaca ar bith a dhéanamh
Ach mar a thig na hullaí mílse ar thaobh dheas na gcrann
Is gur fhás an brainse thríthí le solas a thabhairt dhaoibhse
Is gur duais de réir a saothair bheadh cinnte agaibh a fháil.
Is a Mháire chúmhra ghléigeal, iníon Anna agus Jacob
Ba gile ná gath gréine théanns thrí China lá breá.
‘S aon neach dhuit nach ngéillfidh ‘gus diúltaimse dá thréithre
Ó cúl mo chinn go héag leo is ní bheidh mé ina bpáirt
Mar is maighdean ghlan gan bhréag thú, is Ban-Tiarna an domhain go léir thú
Ó m’impí ort is ná tréig mé in éiric mo cháin
A Mháire chóir an Aon Mhic, fuair spídiúlacht ó Héaróid
Le fonn an cine daonna a thabhairt faoi shéala Rí na nGrást.
Is trua liomsa Luan an tsléibhe ag gach neach dár mheall an saol seo
Nuair a rachas muid ag tabhalrt éiric dár dtréan Rí ins gach cás.
‘S an chuid acu is tréine nach iad atá gan réasún
Is fios acu gan bhuíochas go gcloifí an bás
An té is mó saibhreas shaolta ó nach beag dhó a théanns i gcré leis.
Ach scaoilteoigín gan éifeacht agus caol-chónra chláir
Is beidh an cholainn bhradach bhréagach ar cúl a cinn ag daolaí
‘S an t-anam bocht dá chéasadh ag tabhairt éiric ins gach cáin.