Geaftaí Bhaile Buí – Sean Nós na bhFearr 2025

Geaftaí Bhaile Buí

Faoi geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh
A bhí amaideach baoth déanta.
Ag éalú le mraoi seal tamaillt in san oíche
Ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí.
Mar a bhí mé lag gan bhrí, gan mhisneach in mo chroí
Is í agam ar mhín-shléibhe;
Ach bhí an codladh do mo chloí ‘s b’éigin domhsa luí
Agus d’imigh sí ina fíormhaighdean.

‘Goil a luí don ghréin faoin am seo aréir
Nach agamsa a bhí an scéal buartha.
Ba é a shamhailt domh an té a shínfí ins an chré
‘S a Mhuire nach mé an truaighe.
‘Sé déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair:
“Altaigh leis na mná, a bhuachaill.”
Is an méid a ngoillfeadh orthu mo chás, goilfeadh siad a sáith
Fá mo chroí a bheith in mo lár ina ghual dubh.

Dá mbeinnse thall sa Spáinn i mo luí ar leaba an bháis
Agus cluinimse do dháil in Éirinn,
D’éireochainn go sáimh leis an bhradán ar an tsnámh
i nduibheagán i lár na hÉirne.
Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráth
Mura bhfaighidh mise scríofa i mBéarla é.
Gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás
Mar ag dúil go bhfaighinn spás ar éigin.

Is agamsa atá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil
Cé gur soineanta clár a héadain.
Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr
Agus b’fhurasta ár gcás a réiteach.
An madadh rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil
Is ní chluinfidh mé go bráth ag éileamh.
M’fhocal duitse a Sheáin, go bhfuil ealaíon ins na mná
Agus codail féin go sámh dá ndíobháil.

A Mhuire agus a Rí, nach mairg a bíos
I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr
‘S a ghiorracht agus a bíos an tinneas a do chloí
‘S do do tharraingt ar na críocha déanach
Níl sé ar an domhan ní ar bith níos mó
Is peacaí ná is mó a ndéantar
Ná an mhaighdean dheas óg a mhealladh le do phóg
Agus a fágáil faoi bhrón ‘na dhiaidh sin.