An Gamhain Geal Bán – Corn Uí Riada 2023
Amhránaí
Téamaí
An Gamhain Geal Bán
Ar maidin Dé Luain is mé a’ machnamh ‘s mé ag imeacht ar m’ábhar fhéin,
Ar bruach coille móire ‘sea dhearcas an ainnir dob áille scéimh.
Anuas díom gur scuabas mo hata ‘gus d’umhlaíos do bháb na gcraobh,
Sé dúirt sí, “A fhir mhóir, ná bí id’ sheasamh. Suigh farainn go dtráfaidh an saol.”
Diúltaigh don siúl is don donas, a dhuine suigh síos go lá.
Tá an bháisteach go hard ar na cnocaibh ‘s an tuile sna haibhní lán.
Níor chás díbh a lán acu d’fheiscint ba dheise ná í de mhnáibh,
I gceann éalú ó Bhearna na Toinne leis a mbruinnill go Dún na mBárc.
‘S dá mbeinnse i mBeanntraí an fhiolair, i gCill Chainnigh nó thall sa Spáinn,
‘S gan éinne beo in aon chor im’ ghoire ach an ainnir sa bhfraoch go lá.
Ceann gruaige ba néata ‘s ba deise dá bhfacas-sa riamh ar mhná,
‘S gur liomsa agus léise nár mhiste dá mbeadh tuilleadh ‘gus bliain sa lá.
‘S nach ro-bhrea iad Ínseach an Mhuilinn mar a baintear an féar um’ Shamhain,
‘S mar a bhfásann an bláth ar gach duilleann ‘s mar a ndoirtear gach bliain an gamhain.
Bíonn ceol binn ag róntaibh cois imill ‘gus binneas breá ag éin ar chrann,
Agus céirbheach i gcréithribh a’ sileadh agus iomarca éisc ar abhainn.
‘S is dóigh leo gurb í an óige agus mire a chuir mise fé léan mar atáim,
D’fhúigh Éire is clár Fódhla im choinnibh ‘s a maireann dem mhuintir gnáth.
Ó dá n-iarrfá go nólfainn a dtuillfinn i gcuideachtain chionsa mná,
‘s nach aoibhinn do réicibh na cruinne nuair a imríonn cúig ar láimh
‘S dá n-imreoinnse cúig in aon cluiche ‘s go bhfaighinn cuireata i gcúl mo lámha
‘S dá n-iompódh aon chúig acu im’ choinnibh cuirfeadh mise bun os cionn lem’ ghrá,
D’imeoinn ‘s do shnámhfainn an t-uisce ‘s ní fheithfinn le long ná bád,
‘S ní fhillfinn ná go brách ar aon duine mara bhfillfinn am’ chubhar cois trá.
Ar mo ghluaiseacht ag cur tuairisc na mbruinneall ba dheise is dob aeraí cáil,
Ó Thuama go bruach Loch Ailfinne agus as san go Sliabh den stáir,
Im’ chuairdibh cé gur mhór iad le feiscint, níor thuigeas go raibh aon bhean bhreá,
Ach an stuaire a bhuail saighead im coinnibh ar a dtugaid an gamhain geal bán.