Táimse ’gus Máire – Amhráin is Ansa Liom
Amhránaí
Táimse ’gus Máire
Táimse ’gus Máire go sásta inár n-aigne,
Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe,
Thug sise grá thar cairde ’gus fearaibh dhom,
Thógas ar láimh í ’s go brách brách ní scarfainn léi.
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo,
I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra,
Cruithneacht a’ fás ann chomh hard leis na clathacha,
’S mé ag feitheamh don tráth sin go bhfeicfidh mé aibí í.
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
Tá torthaí ag fás im’ gháirdín go slachtaithe,
Úlla, spíonáin agus cuiríní dearga.
Siúcra i mála le ráithe go taiscithe
Chun subh is misleáin don bháb is do bhanaltra.
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
’Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil,
Ag luascadh an chliabháin is an páiste ar a sheascaireacht.
Stoca ’na láimh is na bioráin inti a’ preabarnaigh,
Í a’ cniotáil is a’ crónán don leanbhín.
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.
’Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn,
’S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar ná easpa orainn
Nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth,
Go dtóga Dia ar láimh sinn in airde go Parrthas.
Beadsa ag seinnt ceoil, poirtíní béil agam,
Rex-fol-dí-ó,
rex-fol-dí-i-e-dil-i-dí.